Neilí Bhán -Sean Nós na mBan 2017

Téamaí

Neilí Bhán

A Neilí Bháin, nach tú mo ghrá,
Is tú caraidín mo chroí,
Lig mo dheasláimh thar do bhráid,
Nó ní mhairfidh mé beo mí,
‘Gus shnámhfainnse an tSiúir leat
Is an tSionainn mhór ina diaidh,
Mar thug tú an barr leat ar an lá údan
I mBaile Locha Riach.

Dhá mba liomsa Port Omna,
Agus Baile Locha Riach,
Is i Luimneach gan chuntas,
Is baile mór Bhleá Cliath,
Nach go do mhuintir fhéin a thabharfainnse
An leath mhór agus dhá dtrian,
Le súil is go mbeinn ag déanamh cleamhnais leo,
Lá fada agus bliain.

‘S ní chainteoinn ar an gcapall
Ar a diallaid ná ar a tsrian
Ná ar na páirceanna breá glas údan
A mbíodh muid iontu fiach
Ná a ndeachaigh de bháid
As Sasana thar sáile le mí
Níor thráchtamar ar an lá údan
I mBaile Locha Riach.

‘S tabhair mo bheannacht-sa go Connacht siar
Mar is ann a bhíodh an greann
Agus chugatsa a Vailintín
Nach b’fheicfidh mé go deo
Agus an comhrá ciúin a bhíodh eadrainn
Goil aniar thar an gcnocán
Ach tháinig an tSionainn mhór eadrainn
Is í lán suas go bruach.

Is faraor géar nár cailleadh mé
Amuigh ar an sliabh,
San áit a mbeadh mo chnámha
Á bpiocadh ag an b’fhiach.
Sul má thit mise i ngrá leat,
A bhruinneall na ngeal chíoch.
Is go mb’fhearr le do mháthairínse
Mura bhfeicfeadh sí mé ariamh.