Gleann Cam – Sean Nós 2012

Téamaí

Gleann Cam

Aréir ar mo leabaidh go hatuirseach léanmhar
Go tinn tuirseach tréith lag i n’dhiaidh mo chéad mile stór
Do bhí go modhail soineanta triopallach péarlach,
Go maisiúil, modhail, maordha  ‘s ba gheanúil a snódh.
Bhí a ciabh léi ar baile-crith ‘s a leacain mar na rosaí
Théimse dá féachaint go ró-mhinic sa ló.
‘Sé mo lean nach ar farraige nó i Sasana an Bhéarla
Do cailleadh me féin sara ráiníos ‘na treo.

Ar mo ghabháil tríd an mbaile go dtugaid Gleann Cam air
Go moch maidin Domhnaigh roimh Nollaig Mhóir
Do dhearcas an ainnir gur chailleas mo mheabhair léi
Go soineanta modhail deas am choinnibh sa ród.
Do dhruideas ‘na coinnibh is chuireas chun labhairt lei
Is cheapas gan dabht suí ina fochair go fóill
‘A rún ghil ‘s a chumainn, druid anso anall liom
‘Gus tabhair dom gan clampar cúpla póg’.

D’fhreagair mé an ainnir go feargach namhaideach
“A dhuine, nach toghail mar a dhruideann tú im’ threo
Ná tair am ghoire cé gur deacair dom labhairt leat
‘S gur duine dot’ fhoghlaim a bhíonn a’ teagasc na nóg.
Deir daoine liom gur díomhaoin do dhream
‘S ná tabharfá aon chabhair dom chun grafadh ná romhar
Is go bhfuil fhios agatsa gur mór atá i dteannta
In Ifreann fann lag de dheascaibh ban óg

A rúin ghil ‘s a chumainn ná chreidse na dánta
‘S gur feasach d’ lán go ndéanfainn gach gnó
Do rómharfainn, do ghrafainn do dhéanfainn an stáca
Do léimfinn gach páille dá ráiníodh im threo.
Do rincfhinn, do rithfinn do bhréagfainn bean mhánla
Do scríobhfainn gan cháim dá bhfaighinn peann am dhóid.
Dá dtigeadh sé domhsa go meathlódh mo scoláireacht
Táimse gan spleáchas ábalta ar rómhar.

Do fhreagair mé an ainnir, ar ndóin go náireach
Taithneann do rá liom a shárfhir gan smól.
Do dhruid sí im’ choinnibh is do rug ar dhá láimh orm
Is fuaireasa láithreach cúpla  póg.
Dá bhfaighainn cead m’athair nó leathchead ó m’ mháithrín
Phósfainn mo ghrá sara dtagfadh an Fómhar.
Is liomsa nár mhiste ach bhí sise go náireach
Is bhíos go dtí amárach ag síor sileadh deoir.

Do shiúlíos go Corcaigh is ceantar na Blárnan
Níor stádas den stair sin go ndeigheas go dtí an Cóbh
Síos go Cluain Meala‘s go Tiobraid Árann
Is do shiúlaíos a lán mór-thimpeall Ráth Mór
Níor stadas den stair sin go ndeigheas go Cionn tSáile
Ar bhruacha Cill Airne is gach áit eile ‘á short
A samhail ní fhaca cé go mór iad mo ráite
Anois  líontar chugam cáirt agus bímís ag ól.