Cuaichín Ghleann Néifinn – Sean Nós 2012

Téamaí

Cuaichín Ghleann Néifinn

Tá féar fada ’gus fásach i ngleanntáin álainn i bhfad ó bhaile,
Tá úllaí agus dealra ag fás go hard ar bharr na gcranna.
Dá mbeinnse ’s mo stóirín pósta ‘s an saol ag dul mar ba cheart dhúinn
Bheadh airgead inár bpócaí agus luach an óil ag bean an leanna.

Tá smúit ar na réalta, ar an ngréin bhreá, is ar an ngealach,
’S ar amharc mo shúile  is ní léir dhom an bealach,
I ndiaidh Chuaichín Ghleann Néifinn nár fhéad mé riamh a mhealladh,
Is a stóirín, tabhair ón bpéin mé, mar sí do mhéin bhreá atá mo lagan.

Tá cailín óg deas ar bharr a’ tsléibhe is deas a’ féirín í le mealladh,
Is chaith mé fhéin an oíche aréir léi, súil is go bhféadfainn í a thabhairt abhaile,
Ó chúitíos le Seán Seoighe é faoi bheith liom ar an mbealach.
Bhain sé coróin díom ar mo lóistín, is sé pingine ar mo leaba.

Is tógfaidh mé mo sheolta go dúiche Sheoigeach ar maidin
Ar cuairt ag mo mhíle stóirín is go deo deo ní chasfad
Ní léir dhom na cros-bhóithrí ag na deora atá mo dhalladh,
Sé mo léan gan teach mo lóistín a bheith san áit a gcóiríonn tú do leaba.