A Spailpín, a Rúin – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

A Spailpín, a Rúin

A spailpín, a rúin, Dé do bheathasa chugainn,
Nú cár bhainis an fómhar chomh luath san.
Á mbeadh a fhios agamsa fhéin cá rabhais aréir
Ba ghairid liom do bhéal a phógadh.
A chailleach bhuí chróin níor mhilis liom do phóg,
Is ní ghlacfainn céad bó mar spré leat,
Mar go mb’fhearr liomsa póg ó chailín deas óg
Ná a bhfuil agat ar bhord an tslé’ amuigh.

Is a spailpín, ‘s a stór, fan socair go fóillín
Go bhfhaigheadsa mo chaidhp is mo chlócan
Mo bhróga sáile bata le búclaí an fhaisin
’S go deimhin ná go mbogfadsa an ród leat.
Ó raghad leat go Caiseal nó go Cluain Geal na Meala,
Is go Carraig na Siúire thar m’eolas
Ach go brách an fhaid a mhairfead ní thriallfadsa abhaile
Is cuma cé bhainfidh an eorna.

Is a bhuachaillí crua, gearraigí go luath
Agus cuirigí  bhur gcúnamh le chéile
Go mbainimidne dúiseacht as bhodaigh a’ phlúir gheal
’S go raghaimid dár ndúthaigh féinig,
Sé chloisim dá rá ná seasfaimid an lá
Agus na bodaigh tá lán dhe phónaire,
Nach ní acu siúd athá ach ag Rí ghil na nGrást
Is go dtuga Dia slán ón bhFómhar sinn.