Ar Mo Ghabháilt Dom – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Ar Mo Ghabháilt Dom

Ar mo ghabháilt dom tríd an mbaile beag darb ainm dó siúd Éire
Preabann agus léimeann an osna so ‘thá im chroí,
Nuair a chuimhním ar an aimsir go mbínnse agus mo chéad-searc
Ar imeall choille craobhaí go socair ‘nár suí.

Bhí dóthain don diúic ann, do phrionsa nó dá chéile,
Is gach ní eile dá mb’fhéidir go dtiocfadh inár líon;
An bradán geal go dtabharfad ón linn seo atá amuigh taobh linn
Lachain agus géanna agus cearca beaga fraoigh.

Is pé acu bean ar buile mé, nó fé mar atháimse
Ceolta sí na Spáinne ní cheapaim go bhfuil binn
Ó dh’imigh uaim thar farraige scafaire na mbánchrobh
Is gurb é dh’airím á rá acu ná casfar faraoir.

Thá ceo is scamaill dhorcha go follas ar mo lámha
Is dá dheasca siúd gur ráinig gur chailleas fhéin mo chiall
N’ach ní chreidfinn óna mhaireann iad, níl aon mhaith dhóibh bheith á rá liom
‘Á mbeadh fhios ag mo ghrá é go dtiocfadh ‘s mé a leigheas.

Is nach buartha a bhíonn an láir go dtí an margadh nuair a théann sí,
Go mbíonn an searrach ina diaidh nó go bhfilleann sí aríst.
Is nach buartha a bhíonn an bhó go mbíonn na madraí ar gach taobh dhi
Ag búirigh is ag géimnigh le heagla an lao.

Ní buartha ná mise ó is an leanbh dá dtugas trí ráithe
a dh’iompar ar imeall mo chroí,
Mo pháiste bocht ag gol im’dhiaidh ó dh’imigh uaim an father
Dhé dhrom na gcnocán nó le fuinneamh taoidí.

Ar mo ghabháilt dom tríd an mbaile beag darb ainm dó siúd Éire
Preabann agus léimeann an osna so athá im chroí,
Nuair a chuimhním ar an aimsir go mbhínnse agus mo chéad-searc
Ar imeall choille craobhaí go socair inár suí.

Bhí dóthain don diúic ann, do phrionsa nó dá chéile,
Is gach ní eile dá mb’fhéidir go dtiocfadh inár líon;
An bradán geal go dtabharfad ón linn seo atá amuigh taobh linn
Lachain agus géanna agus cearca beaga fraoigh.

Is pé acu bean ar buile mé, nó fé mar atháimse
Ceolta sí na Spáinne ní cheapaim go bhfuil binn
Ó d’imigh uaim thar farraige scafaire na mbánchrobh
Is gurb é dh’airím á rá acu ná casfar faraoir.

Thá ceo is scamaill dhorcha go follús ar mo lámha
Is dá dheasca siúd gur tháinig gur chailleas fhéin mo chiall
N’ach ní chreidfinn óna mhaireann iad, níl aon mhaith dhóibh bheith á rá liom
‘Á mbeadh fhios ag mo ghrá é go dtiocfadh is mé a leigheas.

Is nach buartha a bhíonn an láir go dtí an margadh nuair a théann sí,
Go mbíonn an searrach ina déidh nó go bhfilleann sí aríst.
Is nach buartha a bhíonn an bhó go mbíonn madraí ar gach taobh dhi
Ag búirigh is ag géimnigh le heagla an lao.

Ní buartha ná mise ó is an leanbh dá dtugas trí ráithe
a d’iompar ar imeall mo chroí,
Mo pháiste bocht ag gol im’dhiaidh ó d’imigh uaim an father
Dhé dhrom na gcnocán nó le fuinneamh taoidí.