Ar Mo Ghabháilt Dom – Corn Uí Riada 2009

Téamaí

Ar Mo Ghabháilt Dom

Ar mo ghabháilt dom tríd an mbaile beag darb ainm dó siúd Éire
Preabann agus léimeann an osna so ‘thá im chroí,
Nuair a chuimhním ar an aimsir go mbhínnse agus mo chéad-searc
Ar imeall coille craobhaí go socair inár suí.
Bhí dóthain don diúic ann, do phrionsa nó dá chéile,
Is gach ní eile dá mb’fhéidir go dtiocfadh inár líon;
An bradán geal go dtabharfad ón linn seo atá amuigh taobh linn
Lachain agus géanna agus cearca beaga fraoigh.

Is pé acu bean ar buile mé, nó fé mar atháimse
Ceolta sí na Spáinne ní cheapaim go bhfuil binn
Ó dh’imigh uaim thar farraige scafaire na mbánchrobh
Is gurb é dh’airím á rá acu ná casfar faraoir.
Thá ceo is scamaill dhorcha go follas ar mo lámha
Is dá dheasca siúd gur ráinig gur chailleas fhéin mo chiall
N’ach ní chreidfinn óna mhaireann iad, níl aon mhaith dhóibh bheith á rá liom
‘Á mbeadh fhios ag mo ghrá é go dtiocfadh is mé a leigheas.

Is nach buartha a bhíonn an láir go dtí an margadh nuair a théann sí,
Go mbíonn an searrach ina diaidh nó go bhfilleann sí aríst.
Is nach buartha a bhíonn an bhó go mbíonn madraí ar gach taobh dhi
Ag búirigh is ag géimnigh le heagla an lao.
Ní buartha ná mise ó is an leanbh dá dtugas trí ráithe
a dh’iompar ar imeall mo chroí,
Mo pháiste bocht ag gol im’dhiaidh ó dh’imigh uaim an father
Dhe dhrom na gcnocán nó le fuinneamh taoidí.

Ar bhruach na hAbha Móire, gan athair is gan mháthair
Thabharfadh blaiseadh ina láimh dó nó fiú an braon dí
Thá mo bha ag teacht ‘sa bhachach chugam
Mo chaoirigh gan áireamh, mo chapall in sa stábla gan chimilt faraor.
Thá  m’intinn fhéin in airide liom is an fharraige seo tuí liom
‘Sa n’fheadar goidé an t-áitreabh ná an baile beag ‘na mbím
‘S mura dtaga-se abhaile chugham, a  scafaire na mbánchrobh
Go dtitfir ins an áit seo lag maribh gan bhrí.

Mo shlán-sa chun an té úd nárbh fhéidir a cháineadh
In aon chath dá dtáinig nó i láthair na dí
Mo chlannsa chuaigh d’athchiall uilig ba bhinne  guth ‘s ráitean
Ná seanchas na bhFáidhe is na ráiteaseacha grinn
Is pé bean eile athá anois i ndán duit a scafaire na mbánchrobh
Is dual di bheith go sásta ‘gus mise gan bhrí
Nó tháimse lag cráite, gan chéile ‘s gan pháiste, 
Gan Dia na Glóire, ná a shó chugham de shíor.