Caisleán Uí Néill – Sean Nós na mBan faoi 35 2015

Téamaí

Caisleán Uí Néill

Is céad slán don oíche aréir,
Sé mo léan gan í anocht ina tús
Leis an mbuachaillín spéiriúil
A bhréagadh mé seal ar a ghlúin
Ó chuir tú orm t-éileamh,
A mhíle céad grá, ní leatsa mo rún
Ach céad faraor ghéar,
Tá na sléibhte goil idir mé ‘s tú.

Tá an gairdín seo in’ fhásach,
A mhíle grá bán,’s tá mise liom fhéin
Tá an pabhsae a’ fás ann
Is breáichte dhá bhfaca tú riamh
Ní chloisfeá ceol cláirsí goil an tsráid seo
Ná ceol binn na n-éan
Ó d’éalaigh mo ghrá uaim,
Craobh álainn, go Caisleán Uí Néill.

‘S i gCaisleán Uí Néill
Tá an péarla bhain dhíomsa mo ghrá
Is go dtug mé fhéin spéis dhó
Sé mo léan géar i ngan fhios don tslua
Ag teallach an tí mhóir sea chónaíonns
Is a chodhlaíonns mo ghrá
‘Gus a shamhail níl le fáil ann
Ach an réalt eolais atá ar an mbaile úd thall.

Is ba mhilse liom do phóigín
Ná an rós a thagann ar bhláth
Is le cumha i ndiaidh mo stóirín
Ní mó ná go gcodlaím go sámh
Bliain san oíche aréir
Sea réab na capaill an fál
‘Gus chuaigh siad go léir
Sé mo léan géar amach ins an snámh.

Is cén fáth a mhíle stóirín
I dtús an tSamhradh nach dtiocfá ar cuairt
Anuas faoi na gleannta
San áit a labhraíonn an chuach
Ba caoire ná gamhna ní iarrfainnse leat iad mar spré
Ach mo láimh faoi do cheann agam
Is cead comhrá go h-uair a dó dhéag.