An Bonnán Buí – Sean Nós na bhFear 2016

An Bonnán Buí

A Bhonnáin Bhuí bhocht, sé mo chrá do luí thú
Is do chnámha sínte faoi bhun na dtom.
Do ghob ‘s do scornach a bhí ar dhath ar óir bhuí
‘S do bhéilín ró-dheas faoi leaca lom.
Dá gcuirfeá scéala faoi mo dhéinse
Go raibh tú i ngéibheann leis an tart ar ball
Óra, bhainfinnse géimneach as leac Loch Éirne
D’fhliuchfinn do bhéal is do chroí in do lár.

Is ní hé bhur n-éanlaithe atá mé ag éagaoin
An lon an chéirseach nó an t-éinín glas
Ach mo bhonnán buí a bhí lán de chroí
Is go mba cosúil liom péin é ina shnua is ina dhath
Óra bhíodh sé go síoraí ag ól na dí
‘Gus deir siad go mbímse amhlaidh seal
Is níl deoir gá bhfaigheadsa nach scaoilfead siar é
Ar eagla go bhfaighinnse bás le tart.

Séard dúirt mo bhean liom ligean den ól
Mar nach mbeinnse beo ach seal beag gearr
Ach séard a dúirt mé léi go dtug sí a héitheach
Mar go mba fad ar mo shaolsa an deoch úd fháil.
Nach bhfeiceann sibh éan an phíobáin réidh
A chuaigh in éag leis an tart ar ball.
Is a chomharsanaí chléibhe, fliuchaigí bhur mbéil
Mar deoir ní bhfaighidh sibh i ndiaidh bhur mbáis.

Ó mo lá leoil agus mo mhíle brón a bhonnáin óig a ba áille gean
Sé sú na heorna a shlad mo phócaí
Is le neart an óil a d’at mo cheann
A Rí na glóire ó is tú nach n-ólas
Pingin nó feoirling ach gortach gann
Óra tabhair an t-ór dhom
Mar is mise a ólfas go súgach spóirtiúil idir deoch is dram.

Agus beidh an lá amárach mar an Domhnach
Agus beidh mo phócaí-sa fán go leor
Siad mná an ósta a chráigh go mór mé,
‘S leis an méid a d’ól mé a liath mo cheann.
Níl ní dá bhreácha anuas ón Ard Rí
A dtabharfainn-sa biorán air dhá bhfaighinn de braon
Ach a Rí na nGrásta nach mór an feall é
Nach dtug tú fáil dhom de réir mo chroí.