Pilib Séimh Ó Fathaigh – Sean Nós

Amhránaí

Téamaí

Pilib Séamh Ó Fathaigh

Aréir ‘s mé ag machnamh ar mhaoilinn an leasa
Cé chífinn chugham ag tarraingt ach an tsíbhruinneall óg,
A raibh brat cumha léi go talamh, a cuacha gan ceangal,
A géaga léi ar leathadh is í ag síorshileadh deor;
Dh’fhiosraíos féin den ainnir cén tír di nó a hainm
An tú síbhean na Craige, Ríon Airt nó Mór,
An tú Áine Chaomh Nic Gearailt, gaol dlúth ár gcarad
Atá ag teacht ag éileamh an mharcaigh go dtí Buíchnoc na sló?’

Siúd taobh liom an ainnir, scéimh a crobh mar an eala,
Réalthan gan ghangaid dob áille ar bith snó,
‘A shéimhfhir, a labhair, ag géarghol ‘s ag caismirt,
‘Réifidh mé do gheasa agus siúlfaimid go fóill;
Mise Áine Chaomh Nic Gearailt ó Dhún Aolbhrú na Seabhac
A bhfuil tréanfhuil le caismirt go dianmhar i mo dheoidh,
Táim céasta le sealad ó bheith ag éileamh bhur marbh
‘S gurb é Pilib Séimh Ó Fathaigh fáth mo dhubhróin.’

‘Mo léan ‘s mo thuirse, an tréanfhear gan fuinneamh,
Atá daorsnoite i dtinneas, i ríochtaibh  dúbhróin,
Nó an féidir go gcuirfeadh an séithleach ort an imirt
Glaofad feasta ar Mhuire is ar Mhaighdean na hÓighe;
Beidh do chéile is do leanbh ag síorghol go connail
‘Od éileamh, a Philib, is tú sínte gan treoir,
‘S má théann ort an imirt, déan liom ionad coinne,
Is raghad i d’ fhéachaint Lá Fhéile Muire go dtí an mBuíchnoc ar neoin.’

Ó’s méin liomsa feasta ar do ghaolta-sa labhairt
A shéimhfhir gan ghangaid, a shíolraigh ón bpór
Gréagaigh is Craithigh, is na Paoraigh ab fhearra
Lucht éigse do labhairt, lucht saighead agus treoir
Níl aon díobh ’na mbeathaigh a shéidhfeadh ár ngeasa
Glaoidhte as diaidh t’ainm sa tír úd id’ dheoidh
Ó shéanais do charaid ag dul faoi bhéil leice i nglasaibh
Mar chuaigh Phoebus fá scamall sa mBuíchnoc faoi bhrón

Is méin liomsa feasta géilleadh do do theastas
A bheith ag an tréanfhuil i gceannas sa mBuíchnoc, dár ndóigh
An tAonmhac i do ghlacadh i gcomhluadar na bhflaitheas
Ag tabhairt saorbhreith ar t’anam is á shaoradh ó gach brón;
Beannacht Mhaighdean na bhFlaitheas ar chuais faoina brata,
Lonradh na scaball na gcros is na gcorón’,
Beannacht na naomh ‘s na n-aingeal ‘s gach n-aon eile dar thaithníos
Is mo bheannacht féin leat gan ghangaid go Ríocht gheal na nGlór.