Seoladh na nGamhna – Corn Uí Riada 2016

Amhránaí

Seoladh na nGamhna

Tráthnóinín déanach ar thaobh an ghleanna
Is mé ag seoladh na ngamhna fé’n bhfásach,
‘Sea do dhearcas-sa chugamsa an spéirbhean mhaisiúil,
Ciúin, thais, bhanúil, náireach.

Fhiosraíos fhéin go séimh den ainnir
An aon ní thar lear a tháinig:
A lorg na ngamhna ‘sea dh’fhágas an baile
Ach ceann ní bhfaighidh go lá dhóibh.

A lorg na ngamhna ‘sea chuireasa mo leanna
Is níor tháinig sí in am i dtráth chugham
Mar bhí tréanfhir roimpi ag poinnte an ghleanna
Sé Peadar Ó Dubhda an sárfhear.

Sin iad a bhíonn i gcónaí i ndiaidh na hainnir
Is a rian go gcuireadh sí go brách dhi
Ach mo mhíle fáilte go dtí an tír seo ina bhfuilim
Mar bainfidh mise sásamh as mo ghrá geal.

Is b’fhéidir le hÍosa fá Oíche Nollag
Go mbeimid araon in ann pósadh.
I seomrín néata ag pointe an ghleanna
‘S an sagart ag ól ár sláinte.

Beidh beoir againn go líonmhar go fuíoch gan dochma
‘S gloiní den fíon donn Spáinneach.
Beidh púins againn á roinnt le linn dul a chodladh
Is gheobhaimid na gamhna amárach.

Thá crainnín cumhra i lúb na coille
Is raghaimid araon go lá fé
Mar a mbeidh ceol binn na n-éan dá síorchur a chodladh
Is cuileann is eidhneán ag fás air.

Gheobhainn cead saor ó mhaor na coille
Féar a thabhairt go lá dhóibh
Nach ós ag scarúint óna chéile atá chugainn ar maidin
Seo póg agus bairrín beag mo láimh chugat.