An Gamhain Geal Bán

Amhránaí

An Gamhain Geal Bán

Is ar maidin Dé Luain is mé a’ machnamh
‘S mé ag imeacht ar m’ábhar féin,
Ar bruach Coille móire ‘sea dhearcas
An ainnir dob’ áille scéimh.
Anuas díom gur scuabas mo hata
‘Gus d’umhlaíos do bháb na gcraobh,
Sé dúirt sí, “Fhir mhór, ná bí id’ sheasamh,
Suí farainn go dtráigh a’ saol.”

Diúltaigh don phláigh is don donas,
A dhuine suigh síos go lá,
Tá an bháisteach go hard ar na cnocaibh
Agus tuile sna haibhní lán.
Níor chás díbh a lán acu a fheiscint
Ba dheise ná í do mhnáibh,
Taréis éalú ó bhearna na toinne
Na mbruinneall go Dún na mBárc.

‘S dá mbeinnse i mBeanntraí an fhiolair,
I gCill Chainnigh nó thall sa Spáinn,
‘S gan éinne beo in aon chor im’ ghoire
Ach an ainnir sa bhfraoch go lá.
Ceann gruaige ba néata is ba dheise
A bhfacasa ariamh ag mná
Gur liomsa ‘gus léise nár mhiste
Dhá mbeadh tuilleadh ‘gus bliain sa lá.

Is dóigh leo gur óige ‘gus mire
A chuir mise faoi léan mar atáim,
Dúgéire is Clár Fodhla im choinnibh
‘S a maireann dem’ mhuintir ghnách,
Más fíor dóibh go n-ólfainn a dtuillfinn
I gcuideachtain chionsa mnáibh
‘S gur ró bhreá do réicibh na cruinne
Nuair a imríonn siad cúig ar láimh.

Is ar mo ghluaiseacht ar thuairisc na mbruinneall
Ba dheise is dob aeraí cáil,
Ó Thuama go bruach Loch Aill Finne
Is as san go cnoc Aodhain don stair,
Más fíor dóibh go n-ólfainn a dtuillfinn
I gcuideachtain chionsa mnáibh,
Is gurbh í an stuaire a bhuail saighead im’choinnibh
Ar a dtugaid an gamhain geal bán.