Amhrán na Trá Báine – Fonnadóirí na hAirde

Téamaí

Amhrán na Trá Báine

Mo mhíle slán leat a Éirinn bhocht, is breá an rud é an t-earrach fhéin;
Níl caint ar obair bosannaí, ná rud ar bith mar é;
Seal ag tarraingt fheamainne, cur fhataí is a’ baint fhéir.
Níl fear ar bith, dhá bhoichte, nach bhfuil feilm aige fhéin.

Mo mhallacht ar na curachaí ‘s mo bheannacht do na báid;
Mo mhallacht ar na curachaí atá thall in san Trá Bháin
Siad a bhain mo cheathrar deartháir dhíom a raibh an fheilm acu ann.
Nach cuma leis an gCeallach é ó sé fhéin atá ina n-áit.

‘S báitheadh Seán ‘s Peadar orm, bhí caitheamh agam ina ndiaidh,
Báitheadh deartháir eile orm, ó, Máirtín fadó ariamh.
‘Sé Micil bocht ba mheasa liom dá bhfaca mé ariamh
Ach mo dhiomú don tonn bháite, ‘sé a d’fhága mé ina ndiaidh.

Ó ‘gus d’fhágadar  an caladh againn ar maidin leis an lá.
Dia linn agus Muire  siad an triúr a chuaigh sa ngábh;
Níl blas ar bith dár cheannaíodar nach dtáinig don Trá Bháin;
Tháinig na maidí ar an duirling ‘s an churach ar an trá.