Eleanór na rún – Sean Nós na bhFear 2013

Téamaí

Eleanór na rún

Mo ghrá thú den chéad fhéachaint, ‘Eleanór a rúin,
Is ort a bhím a’ smaoineamh, tráth a mbím ar mo shuan
A ghrá den tsaol is a chéadsearc, is tú is deise ná ban Éireann,
A bhruinnillín deas óg, is tú is deise, is milse póg,
Ach chúns a mhairfeadsa beo, beidh gean a’m ort,
Mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat,
A Eleanór a rún.

Bhí bua aici go meallfadh sí na héanlaith ón gcrann,
Bhí bua eile aici go dtógfadh sí an corp fuar ón mbás,
Bhí bua eile aici nach ndéarfad
Sí grá mo chroí is mo chéadsearc,
A bhruinnillín deas óg, is tú is deise, is milse póg,
Ach chúns a mhairfeadsa beo, beidh gean a’m ort,
Mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat,
A Eleanór, a rúin.

An dtiocfaidh tú nó ’bhfanfaidh tú, ’Eleanór, ‘a rúin?
Nó an aithneofá an té nach gcáinfeadh thú, a chuid den tsaol is a stór?
Ó tiocfaidh mé is ní fhanfaidh mé,
Is maith a d’aithneoinn an té nach gcáinfeadh mé,
A bhruinnillín deas óg, is tú is deise, is milse póg,
Ach chúns a mhairfeadsa beo, beidh gean a’m ort,
A Eleanór, a rúin.