Peigín ‘s Peadar – Fonnadóirí na hAirde

Téamaí

Peigín ‘s Peadar

Is a Pheigín mo charad ‘s a Pheigín mo chroí
Ó cé hé an fear fada atá sínte leat síos?
Ó a hó, a mhaithín ó,
ó a mhaithín ó, a stóirín mo chroí.

‘S a Pheadair mo charad ‘s a Pheadair mo chroí
Ó seo é do mhaicín nach bhfaca tú ariamh!
Ó a hó, a mhaithín ó,
Ó a mhaithín ó, a stóirín mo chroí.

Is a Pheige mo charad ‘s a Pheigín mo chroí
Féasóg ar mhaicín ní fhaca mé ariamh.
Ó a hó, a mhaithín ó,
Ó a mhaithín ó, a stóirín mo chroí.

Is a Pheigín mo charad ‘s a Pheigín mo chroí,
Ó éirigh i do sheasamh ‘gus réitigh greim bídh.”
Ó a hó, a mhaithín ó,
Ó a mhaithín ó, a stóirín mo chroí.

Is a Pheadair mo charad ‘s a Pheadair mo chroí,
Níl ins an teach agam ghreim mine buí.”
Ó a hó, a mhaithín ó,
Ó a mhaithín ó, a stóirín mo chroí.

‘S a Pheige mo charad ‘s a Pheigín mo chroí,
In íochtar mo mhála tá cáca min bhuí.”
Ó a hó, a mhaithín ó,
Ó a mhaithín ó, a stóirín mo chroí.

‘S a Pheadair mo charad ‘s a Pheadair mo chroí,
Tá an cáca seo déanta de lán ghineachaí buí.”
Ó a hó, a mhaithín ó,
Ó a mhaithín ó, a stóirín mo chroí.

‘S a Pheige ‘s a mhaicín suífidh muid síos,
Ní fhágfaidh mé an baile chúns mhairfeas mé arís.”
Ó a hó, a mhaithín ó,
Ó a mhaithín ó, a stóirín mo chroí.