Bá Eoin Búrcach – Corn Uí Riada 2015

Amhránaí

Téamaí

Bá Eoin Búrcach

Ó fuist a níon agus ná bí cráite
Nach fusa fear eile ‘fháil ná dís dearthár
Tá súil is a Rí agam gurb iad mo chlann a tháinig
Agus an Búrcach an chúlduine a fágadh.

Tá súil is a Rí agam gurb iad do chlann a fágadh
Donnchadh fionn geal, chéad mhac mo mháthra
Agus an Búrcach a theacht ón ghabhadh
Nach leis fhéin a ba trua mo chás-sa.

A mháithrín dílis can mar is cóir duit
Nach é do chliamhain uasal óg é
Ní hé mac mná na mbailteach mór é
Is gur in a chliamhain ag an iarla ba chóir é.

Nach é a dhéanfadh mo cheann a dheasadh
Nach é a dhéanfadh mo bhróga a bhreacadh
Is leis go ndéanfainn-se casóid m’ocrais
Nuair nár mhór uaim fhéin glacadh.

‘S a bhean údaí thall atá ag déanamh gáire
Nár ba fada go raibh agat fios m’ábhar gáire
Mo cheann crom agus mo chroí bocht briste
‘Gus mo dhá láimh teanntaí ar mhac mo mháthar.

Ó druidigí thart, mná na gclóca
Seo feoil chugaibh is chan feoil chóir í
Ní feoil mhuice ná caorach rósta
Ach an Búrcach uasal i dtús a óige.