Níl Sé Ina Lá – Corn Uí Riada 2012

Amhránaí

Téamaí

Níl Sé Ina Lá

Ó níl aon phort dá chuala mé ar phíob
Ó tháinig mé i méadaíocht linbh,
Nach raibh liom ar bharr mo bhéil
Isteach i sliabh ‘s ag gabháil ‘n bhaile.

Curfá
Níl sé ‘na lá, níl go fóill,
Níl sé ‘na oíche ná baol ar mhaidin,
Níl sé ‘na lá, ‘s ní bheidh go fóill,
Nach anois ar ball a d’éirigh an ghealach.

Seo na mugaí, seo na jugaí,
Seo an áit a bhfuil an leann,
‘S mura bhfuil an t-airgead in do phócaí,
Buail a’ bóthar ‘s gabh ‘na bhaile.

Curfá

Ó, thug mé fhéin mo mhaol chun aonaigh,
Is d’imigh an t-aonach is díoladh an t-eallach,
Tiocfaidh caill ar chailleachaí an toighe,
Ó cailleadh an dís is a gcuid leanbh.

Curfá

Ar chuala sibhse maith na maoile
Ná mar a chríochnóinn sí a cuid bainne?
Ochtar dragún, gasúr cíocrach,
Bunadh an tí is péire cailleach.

Curfá

“Ó éirigh i do shuí, a fhear an tí ,
cuir ort do bhrístí ‘gus do hata
go gcoinne tú ceol leis an fhear chóir
a bheas ag ól anseo go maidin.”

Curfá

Is nach mór an croí a fuair Eamonn Creepy,
Síneadh síos le Siobhán an Bhacaigh,
D’éirigh Cathal as an ghríosaigh,
‘S bhí se ar iarraidh as sin go maidin.

Curfá

Is dá gcasfaí orm cailín i dtom,
Chuirfinn a cloigeann síos le malaidh,
Chuirfinn taca lena droim,
Is bheinn ag súgradh léi go maidin.

Curfá

h1>