Stainnín Dinny Keown – Corn Uí Riada 2014

Amhránaí

Stainnín Dinny Keown

Ar aonach Mhín na Leice nuair a bhí an saol ina ghasúr
Bheadh mangairí an Lagáin le fáil ansin go fairsing
Thiocadh cuid as Leitir Ceanainn agus baicle as Inis Eoghain
Ach ní raibh stainnín ag aon fhear acu mar stainnín Dinny Keown.

Fídeogaí gus fonnsaí ‘gus gunnaí do na gasúirí
Cíorthaí ‘gus cnapaí damhsa ‘gus bábógaí do chailíní
Gheobhfá pluideannaí ‘gus plaincéadaí ‘gus seál den drugáid mhór
Ah, bhí éadáileach as cuimse ar stainnín Dinny Keown.

Fuair díorfach as Mín Beannaid diallait ann do mhadaí
‘S cheannaigh bean as Uaigh ceathrú cloiche pór corladdaí
Gheobhfá cógaisí don chrambaí, laige-bhrí, ‘s a’ domlas mór
Gheobhfá coinnleoirí do altóirí ar stainnín Dinny Keown.

‘S bhí bean ‘na suí ag clabaireacht gan stocaí ná gan bróg
Is bhain asal a bhí in aice léithe ‘dromaíocht ar bhó
Thug sí túslóg thar an bhalla is bhain sí iongan den ladhar mhór
Ach fuair sí iongan eile ar stainnín Dinny Keown.

Bhí seanbhean thoir i gCroithlí a dhiúltaigh ghabháil a luí
Codladh ina seasamh trí seachtainí nó mí.
Ach rinne sí turas Bhéal na Cruite go diagantach ag guí
Ach ní innseochadh sí do a’n duine cén galar a bhí á cloí.

‘S tháinig aingeal as na Flaithis is ba chonfach a mheon
Dá mbeithfeá gan bheith ag tochas chuirfeadh sé neascóid ar do thóin
Níl leigheas ar bith ag Dia dona leithidí ach sceon
‘S gheobhaidh tú ceann i Mín na Léice ar stainnín Dinny Keown.

Ar aonach na Féil’ Pádraig bhí siorradh ins an ghaoth
Anuas as Cnoc na nAgall tháinig cránaí séideán sí
Cuireadh cifleogaí sna spéirthí agus seanmhná as a meon
Agus gearrán a bhí ceangailte do stainnín Dinny Keown.

‘S chuaigh seisean ar na daoraí, chuir sé ruball insan aer
Rinne sé céim den Mhaggaí Pickie agus d’imigh sé de léim
Anonn fríd mhíodáin Éamoinn agus soir an Corradh Mór
Chuaigh sé fhéin is conairt mhadaí agus stainnín Dinny Keown.

Bhí na pingeacha sa phortach bhí na hearraí uilig ar ceall
Agus d’fhág an t-anam Dinny nuair a d’airigh sé an chaill
Ach má bhíonn tú ag gabháil go hIfreann taobh istigh den gheafta mór
Gheobhaidh tú ruball agus adharcacha ar stainnín Dinny Keown.