An Sagairtín – Sean Nós

Téamaí

An Sagairtín

Tá an oíche dorcha ‘gus tá sí fuar,
Is tá sí ‘goilliúint ar mo chroí go crua;
Ní thiocfad abhaile agus ní dhéanfaidh  mé cuairt
Nó go bhfeicfidh mé mo stóirín atá ina luí cois cuain. 

Nach deas an sagairtín é stór mo chroí,
Tá an pobal beannaithe a dtéann sé thríd
Tá séala ó Mhuire air is branda  ó Chríost,
Is tá sé’ tarraingt ar na coláistí.

Tá fear is fiche acu in aon ghang amháin
Sé an fear is deise mo mhíle grá
Tá cúilín catach air is baibín bán
Sé an rós i ngáirdín é go mb’fhéidir fháil.

Is fuair mé leagan thar bharr an chlaí
Mar a bhfuil dochar ann nár théigh sé i m’aghaidh
Níor lúb mé an t-aiteann ‘gus níor leag mé an féar
Ach ina dhiaidh sin a cuireadh mé ó bhéal go béal.

Is chuaigh mé aréir ag an doras úd thall
Ghlaoigh mé i gcogar ar mo mhíle grá,
Séard a dúirt a Mamaí nach raibh sí ann
Ach go raibh sí i dtaisce i gcónra chláir.

Muise éist, a Bhideoigín is ná goil deoir,
Ní dhuit a rugadh mé ná d’aon bhean beo
Baistfidh mé do leanbh le cúnamh Dé,
‘S dhá mbeadh breith ar m’aiféal a’m, ba leat mé fhéin.