Bádóirí Thír an Fhia – Corn Uí Riada 2015

Téamaí

Bádóirí Thír an Fhia-Corn Uí Riada 2015

Tá pian i mbéal mo chléibh orm a chuirfeadh na céadta fear chun báis,
Is dóigh a stór go gceapann tú gur saighead is searc é an grá,
Nach trua mé anois a bheith ag scaradh leat le linn na huaire breá,
Le linn don chuach a bheith ag seinm is gach duilliúr glas ag fás.

‘S sé mo léan nár éag mé is mé go hóg i dtús mo shaoil,
Go ndéanfaí cónra gheal dhom is mé a chuir go domhain sa gcill,
Sul a bhfaca mé dhá bhréagadh é, ag bean eile le mo thaobh,
Is mise a bheith i m’aonar, is a Dhia ghléigil, nárbh bhocht an tslí.

Is thug mé gean do tháilliúr, ‘s dar liom ba é bhí cóir,
Mo bhádóirín ba mheasa liom dhá bhfaca mé d’fhir fós,
Ach anois ó tá sé imithe is nach bhfillfidh sé go deo,
Tá súil le Rí na nGrásta agam go gcasfar liom é fós.

A bhfuil bean ar bith san áit seo a mbeadh mo chás-sa aici le mí
A mbeadh a croí dhá réabadh is ceart mhaith aici faoi?
Mo bhádóirín a d’imigh uaim ar uair a dó nó trí,
‘S gan súil ar ais abhaile agam leis chúns a mhairfeas mé beo aríst.

Agus comhairle dhíbhse, a chailíní, má thógann sibh uaim é
Ná ligidh a rún le aon fhear óg ná creidigh glór a mbéil,
Mar geallfaidh siad sibh a phósadh le glórtha milis binn
Agus éalóidh siad thar sáile uaibh ar nós bhádóirín Thír an Fhia.