Cuaichín Ghleann Néifinn – Fonnadóirí na hAirde

Cuaichín Ghleann Néifinn

Tá féar fada ‘s fásach i ngleanntáin álainn i bhfad ó bhaile,
Tá úllaí ‘gus dealraí ag fás go hard ar bharra cranna.
Dhá mbeinnse ‘s mo stóirín pósta ‘s an saol ag gabháil mar ba cheart linn,
Bheadh an t-airgead inár bpócaí ‘gus luach an óil ag mná a’ leanna.

Tá smúit ar na réalta ar an ngréin ‘s ar an ngealach,
‘S ar amharc mo shúil fhéin is ní léir dhom na bealaigh,
I ndiaidh Cuaichín Ghleann Néifinn nár fhéad mé ariamh a mhealladh,
Is a stóirín ná tréig mé ó ‘sí do mhéin bhreá atá do mo lagan.

Dá mba liomsa oileán Éireann fré chéile is an Bhreatain
Nó a bhfuil i mbarr craobhach ag séanadh is á fathadh
Is duitse uilig a bhéarfainn as ucht mo chéad searc a bheith agam
I ngleanntán mhín Néifinn nó i mBéal an Átha Fada.

Is fágfaidh mé an áit seo mar tá sé an-uaigneach,
‘Gus gabhfaidh mé tóraíocht mo mhíle stóirín ins gach áit dá bhfaigh mé tuairisc,
Ní léir dhom na bóithre tá na deora do mo dhalladh,
‘Sé mo léan géar gan teach mo lóistín sa seomra a gcóiríonn tú do leaba.