Iníon an Bhaoilligh

Iníon an Bhaoilligh

Bhí mé oíche taobh istigh ‘Fhéil’ Bríde
Ar faire thíos ar an Mhullach Mhór,
Is tharla naí dom a dtug mé gnaoi dí
Mar bhí sí caíúil lách álainn óg.
Sí go cinnte a mhearaigh m’intinn,
Agus lia na bhfiann, ó, ní leigheasfadh mé,
Is tá mo chroí istigh ina mhíle píosa
Mura bhfaighim cead síneadh lena brollach glégheal.

Is fada an lá breá ó thug mé grá duit,
Is mé i mo pháiste beag óg gan chiall,
Is dá mbíodh mo mhuintir uilig i bhfeirg liom
Nár chuma liom, a mhíle stór?
A mhíle grá, tá cách ag rá liom
Gur den ghrá ort a gheobhaidh mé bás,
Is níl an lá margaidh dá mbeadh ins na Gearailtigh
Nach mbeadh cúl fathmhainneach is mise ag ól.

‘S a chailín donn deas a chuaigh i gcontúirt,
Druid anall liom agus tabhair domh póg
Is gur leatsa a shiúlfainn cnoic is gleanntáin,
Is go Baile an Teampaill dá mbíodh sé romhainn;
Ach anois ó tá mise curtha cráite,
Is gur lig mé páirt mhór de mo rún le gaoth,
A Rí atá i bParrthas, déan dom fáras,
I ngleanntáin áilne lena taobh.

Amhráin eile le Bríd Ní Mhaoileoin