Máire Mhór

Máire Mhór

Tá bean agam in Árainn
Is bean eile in Inis Bearachain
Ach sí mo ghrása Máire Mhór
An bhean ab’fhearr a thaithín liom.

Is oró Mháire Mhór
Mháire Mhór an dtiocfá abhaile liom
Muna dtige tú mar gheall tú
Go mbáitear insa chladach thú.

Dá mbeinnse ‘n Árainn Mhór
Is mo bháidín seoil bheith faoi lucht agam
Nach deas ‘thornálfainn an ród
Ach Máire Mhór a bheith ar a teile agam.

Is oró Mháire Mhór
Mháire Mhór an dtiocfá abhaile liom
Muna dtige tú mar gheall tú
Go mbáitear sa chladach thú.

‘S dá mbeinn thiar tí Mháire Ní Chéirín
Is mo chuid éadaí a bheith go deas orm
Nach iomaí fear a d’éarfadh
Faraor ghéar gan í sa bhaile agam.

Is oró Mháire Mhór
Mháire Mhór an dtiocfá abhaile liom
Muna dtige tú mar gheall tú
Go mbáitear insa chladach thú.

Ní le faochain ná le bairnigh
Ná le bláth na scailliún dhearga
A mheall mise Máire
Ach le brandy láidir Shasana.

Is oró Mháire Mhór
Mháire Mhór an dtiocfá abhaile liom
Muna dtige tú mar gheall tú
Go mbáitear insa chladach thú.

Ó grá mo chroí mo Mháire
Mar is í nach ndearfadh focal liom
Is í a chuirfeadh na prátaí móra
I dtaisce ar leac an teallaigh dhom.

Is oró Mháire Mhór
Mháire Mhór an dtiocfá abhaile liom
Muna dtige tú mar gheall tú
Go mbáitear insa chladach thú.

Tá an ghealach sa spéir
Agus na réalta ar an fharraige
Tá umha na mba ag réabadh
Ar a mhéid is tá de bhainne acu.

Is oró Mháire Mhór
Mháire Mhór an dtiocfá abhaile liom
Muna dtige tú mar gheall tú
Go mbáitear insa chladach thú.

Dá bhfeicfeá Máire Mhór
‘S í dul siar barr na ngarrantaí
A tóin in aghaidh na gaoithe
Is a bolg in aghaidh na farraige.

Is oró Mháire Mhór
Mháire Mhór an dtiocfá abhaile liom
Muna dtige tú mar gheall tú
Go mbáitear insa chladach thú.

Amhráin eile le Bríd Ní Mhaoileoin