Méilte Cheann Dubhrann

Méilte Cheann Dubhrann

Óra Mhéilte Cheann Dubhrann, is sibh a thógfadh domh cian
Tráthnóna sa tsamhradh nuair a luíos an ghrian
Nach aoibhinn do chladaigh d’oíche is de ló
Is óra Mhéilte Cheann Dubhrann céad slán libh go deo.

Nach sna méilte údaí a chaith mé seal aoibhinn gan ghruaim
Ag buachailleacht eallaigh fá imeall a’ chuain
Is a’ bogadh mo chliabhán nuair a bhí mé beag óg
Is a mhéilte Cheann Dubhrann céad slan libh go deo.

Tá néaltaí na maidne ag breacadh sa spéir
Tá na coiligh ag scairtigh le bánú an lae
Tá an soitheach ag fanacht in imeall a’ cheo
Is óra mhéilte Cheann Dubhrann céad slán libh go deo.

Nach truaigh mise amárach ag dul idir dhá dtír
Agus sléibhte na coigríche ag cur cumha ar mo chroí
Beidh mo roscaí mar shruthán ag síorshileadh deor
Is a mhéilte Cheann Dubhrann céad slán libh go deo.

Amhráin eile le Bríd Ní Mhaoileoin