Bruach na Carra Léithe – Sean Nós na mBan 2018

Bruach na Carra Léithe

Ó, éirigh suas ‘gus cuir fáil ar an pháirc a raibh tú aréir;
Má théann na ba sa ngáirdín nach fánach ar an bhféar;
Tá crann i lár na páirce ar a bhfásann air bláth féir
‘S má atá i dán ‘s go dtitfidh bláth dhó go brách ní fhásfaidh sé.

‘S chuala mise a Bhideoigín go raibh do chleamhnas réidh
Le Búrcach as Bun Dhorcha, go deimhin ní maith liom é;
Ó grá mo chroí ó thaobh go taobh thú, a mhúirnín fan liom fhéin
Mar níl aige ach siopa dramana ar bhruach na Carra Léith’.

Go dtaga an tuile bháite ar na ba a chuaigh sa bhféar,
Is chuile ghalra báis orthu, a gcuid máithreacha go léir.
As sin ‘s chuile chlampar ort, a stóirín fan liom péin,
An rud a d’eitigh tú nár fhágha tú, fear sásta mar mé fhéin.

Is nár cheap mise go mba áille thú ná an ghealach ná an ghrian,
Ach ní mar sin a bhí tú ach i do scáile is tú i bhfad uaim;
An té a thógfadh suas ar láimh mé go pálás geal an rí
Ach an chlúid a mbeadh mo ghrá ann sin an áit a b’fhearr liom suí.