Píopa Ainde Mhóir – Sean Nós na mBan 2018

Píopa Ainde Mhóir

Agus bhí mé oíche Aoine i dTír a’ Fhia is mé ag teacht ó cheol.
Chruinnigh an ceo i mo thimpeall ‘s níor léir dom aon tsórt.
Thabharfainn lán an Bhíobla gur tornóg a bhí ar an gcaolach
Leis an deatach a bhí os mo chionnsa ag píopa Ainde Mhóir.

Agus mo bheannacht le gaoth a’at síos, a Ainde Mhóir,
Do mhac go dtige in inmhe is lao go raibh ag do bhó,
Mar is tusa rinne an píopa ba fairsinge sa tír seo
Is ní chaithfear ráithe an gheimhridh go ndéanfaidh mé di spóirt!

Agus siúd í an bhean a líonfaidh í is ní le tuí ná le móin
Ach chuir sí naoi bpunt síos ann ‘gus píosa den bhilleog,
Cailleachaí na tíre ‘gus chruinníodh ‘na dtimpeall
Is gheobhaidh siad uilig fúílleach de phíopa Ainde Mhóir!

Agus ag dul go lnis Ní dhom le lucht caorach agus bó
Maidin gharbh gheimhridh ‘s é gaothfarach go leor,
Ag dul trí Thonn Uí Loinge dhom nár thosaigh an long ag líonadh
‘Gus gur ait.an galún taosctha a rinne píopa Ainde Mhóir!

Agus bhí mé lá ar aonach i gCill Bhríde is mé ag ól,
Bhí comhluadar deas ‘m thimpeall ‘s riar mhaith ceoil,
Bhí beirt isteach as Muighinis ann ‘s an stil mhaith acu líonta
‘Séard a d’fhiafraigh an tseanbhean aosta an b’in é sin píopa Ainde Mhóir?’