Curachaí na Trá Báine – Sean Nós na mBan 2017

Curachaí na Trá Báine

Mo mhíle slán leat Éirinn bhocht, nár bhreá an rud é an t-earrach fhéin;
Ní raibh caint ar obair bossannaí, ná rud ar bith mar é;
Seal ag tarraingt fheamainne, ag cur fhataí is ag baint féir.
Ní raibh fear ar bith, dá bhoichte nach raibh feirm aige fhéin.

Mo mhallacht go na curachaí ‘s mo bheannacht ar na báid;
Mo mhallacht go na curachaí atá thall in sa Trá Bháin
Siad a scuab mo cheathrar dearthár uaim a raibh an fheirm acu ann.
Ach is cuma leis an gCeallach é óra é fhéin atá ina n-áit.

Agus bádh Seán ‘s Peadar orm, bhí caitheamh agam ina ndiaidh,
Muise bádh deartháir eile orm, sé Máirtín fadó ariamh.
Ach sé Micil bocht ba mheasa liom dá bhfaca mé beo ariamh
Ach mo dhiomú don tonn bháite, a d’fhága mé ina ndiaidh.

An cuimhneach libhse a chailíní an lá ar fhága mé an Trá Bháin
Ní bhfuair mé an té chuir comhairle orm ná dúirt liom fanacht ann
Ach má fhágann Dia mo shláinte agam ‘s caraid rí na ngrást
Ó cé ar bith áit a rachaidh mé ní fhillfidh mé go brách.

Agus shoraidh díbhse, a dheartháireachaí, nach dtagann isteach i dtír;
Go gcuirfinn cónra chlár oraibh amach ó láimh an tsaoir;
Agus chaoinfeadh mná an bhaile sibh, i gcleamhnas agus gaol;
Seachas a bheith dhá mbocáil idir carraigeacha is ag goil ó mhaidhm go maidhm.

Agus d’fhágadar an caladh amach ar maidin leis an lá.
Muise Dia linn agus Muire nach iad an triúr a chuaigh sa ngábh
Dheamhain blas ar bith nár cheannaigh siad nár tháinig ón Trá Bháin;
Tháinig na maidí ar an duirling ‘gus an curach ar an trá.