Maidin Faoi Lúnasa – Sean Nós na mBan 2016

Maidin Faoi Lúnasa

‘Gus nár éirigh mé amach ar maidin faoi Lúnasa,
Bhí mo chú liom is mo ghadhar liom is mo ghunna i mo láimh
Nuair a buaileadh ceo draíochta orm ‘s cuireadh amú dhom é
As mo cheann cúrsa mé cnoc agus gleann.

‘Gus nach iomaí sin ainnir a bhí siúlta agam sa lá úd
Ó d’fhág mé an áit seo go Co. Mhaigh Eo.
Bhí mo chú liom ’s mo ghadhar liom ’s mo ghunna i mo láimh
Nó gur casadh san áit mé a raibh an searbhán bó.

An ansiúd bhí an ainnir ba ghreannmhar ’s ba gáirí
A bhí ar thalamh ghlas álainn’s bhí a grua mar an rós
Má labhair sí liom go meangach “nach uaigneach atá tú?
Nó an dtiocfá san áit a mbeadh bia agus ceol?”

‘Gus nár leag sí anuas bord a’am a raibh chuile shórt bia air
Bhí oigiséad fíona air a choinneodh naoi gcárt
Dar brí mo charabhata ach gur ól mé mo sháith de
’S ní lúide na miasa iad a bheith ag éirí den chlár.

‘Gus nár chóirigh sí mo leaba dhom do bhratachaí síoda,
‘S dúirt sí liom síneadh go gcodlóinn mo sháith
Sin é an uair a bhí fhios agam go raibh mé sa mbruíon
Is gur údaí an bhean tí a bhí ag Síogaí Chnoc Meá.

‘Gus nár bhreathnaigh mé tharam i ndoras an tseomra
Bhí capall léi siúd bhí caora ann’gus bó
Bhí beithígh ‘s bhí bacaigh ann ‘s bhí cailleachaí rúscadh ann
Gus fear thall sa gclúid ann is bloc ar a scóig.