Amhrán Mhaínse – Sean Nós na bhFear 2014

Amhránaí

Téamaí

Dá mbeinn trí léig i bhfarraige
Nó ar shléibhte i bhfad ó thír
Gan aon neach beo i mo ghaobhar
Ach an raithneach glas is fraoch,
An sneachta dhá shéideadh anuas orm
Is an ghaoth dhá fhuadach dhíom,
Is mé a bheith ag comhrá le mo Taimín Bán
Is níor bhfada liom an oíche.

Is a Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé?
Tá an geimhreadh seo a’ tíocht fuar.
A Mhuire dhílis céard a dhéanfas
An teach seo is a bhfuil ann?
Nach óg a stór is mé ag imeacht uait
Le linn na huaire breá
Is le linn don chuach a bheith ag seinm a cuid ceoil
Is gach duilliúr glas i fás.

‘Gus gearraigí amach mo chónra dhom
As fíor scothgheal na gclár
Is má tá Seán Ó hEidhin beo i Maínis
Bíodh sí déanta óna láimh,
Bíodh mo chaipín is mo ribín inti istigh
Is iad go ró dheas faoi mo cheann,
Is beidh triúr ban óg ó shliabh agam
Le mé a chaoineadh os cionn cláir.

‘Gus dhá mbeadh mo chlann sa mbaile a’am
An oíche a bhfaighinnse bás
Nach dtórróidís go gnaíúil mé
Trí oíche ‘gus trí lá.
Bheadh píopaí fada cailce acu
‘Gus na ceaigeannaí is iad lán
Is thabharfadh Páidín Mór go Maínis mé
Nó is garbh a bheadh an lá.

Is ag goil siar le hInse Ghainimh dhúinn,
Bíodh an bhratach ina leath crann
Ná tugaí’ go Leitir Caladh mé, mar ní ann atá mo dhream
Ach tugaí’ siar go Maínis mé, áit a gcaoinfear mé go breá
Beidh soilsí ar na dumhchannaí
‘S ní bheidh uaigneas orm ann.