Casadh an tSúgáin – Sean Nós na bhFear 2017

Amhránaí

Casadh an tSúgáin

Nach thíos i Sligeach a chuir mise eolas ar na mná,
‘Gus thiar sa mbaile a d’ól mé leo mo sháith,
Ar bhrí mo mhaide mura ligfidh sibhse feasta amhlaidh seachas mar atá.
Go n-imreoidh mise cleas a bhainfeas siúl as na mná.

Agus d’imir mise cleas i dTeach Uí Dhomhnaill aréir
’S an tarna cleas i dteach a bhí go dlúth lena thaobh
Is an tríú cleas, cén mhaith dhom á chur i bhfad eile scéal
Chuir an chailleach amach mé ag casadh an tsúgáinín féir.

Ó ‘gus cén cat mara a chas isteach san áit seo mé
’S a liachtaí bean óg sa mbaile a d’fhág mé i mo dhiaidh?
I ngeall ar throid, is ar bhruíon is ar rud nár shantaigh mé,
Sean bhó bhreac ’gus óinseach caillí a bhí gan chiall.

Is nach é sú an ghráinne eorna a tharraingíonn torann, gleo ‘gus caint
‘Gus luach an óil go deo ní bhfaigh muid ar ais
Go dtéigh an ghaoth mhór is go séidfidh sí ó thuaidh ‘gus ó dheas
Ach go deo na ndeor is liomsa fós an óg bhean.

Agus tháinig mise isteach i dteach dhá uairín roimh an lá,
Bhí bean óg ar meisce ann is cúl a cinn fúthu aici ar chlár,
Níor bhreathnaigh mé tharam go híseal, tapa nó go hard,
Gur chuir mé cois lena cois nó gur bhogamar an súisín geal bán.

’S dhá mbeadh spré ag an gcat nach deas lách mar a phógfaí a bhéal?
’Gus an cat nach mbeadh nach fada ó bhaile a sheolfaí é?
Tá iníon na caillí gliobaí, cartaigh, piocaí, pósta ó aréir,
Tá mo ghrá-sa sa mbaile is gan duine aici a phógfadh a béal.

Is má bhíonn tú liom, bí liom os comhair lán a’ tí,
’S má bhíonn tú liom, bí liom de ló gheal is d’oíche,
’S má bhíonn tú liom, is gur liom gach orlach i do chroí,
’Sé mo thruaigh le fonn nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi.