Línseach Bhearna – Corn Uí Riada 2013

Téamaí

Línseach Bhearna

Ag goil ó Chasla aniar is mé lag tuirseach de mo thriall,
I mBearna ‘sea d’iarr mé áras.
Fuaireas sin gan mhoill in aice leis an gcoill,
San áit a bhfásann cnó ‘gus airní.

Ó, déanfar droichead óir ar Pholl an Oistre fós,
‘s beidh airgead i stór an Mháistir,
Siúd séan ar an oidhre óg nach scarfaidh leis go deo,
Is beidh bua Chonnachta ag Línseach Bhearna.

Tá loingis ag an Línseach a rinneadh ins sa tír seo
De choillte is de chrainnte a d’fhás dhó.
Is gléasfar cabhlach chruinn, i bhfoirm cheart ‘s i gcaoi
Is beidh a ngunnaí ar a dtaobh ag lámhach.

Nach mór an spóirt an tír nuair a bhéas an chabhlach linn
Beidh a cuid slata seoil faoi shíodaí bána
Anois tá an chabhlach cruinn, is tiocfaidh anall an Rí
Is beidh sé ar chuairt mhíosa i mBearna.

Is céard a dhéanfas muid ansiúd má théann sé choichín anonn?
Titfidh an dúiche uilig faoi smúit mar gheall air.
Is go ngabhfaidh na meacha ó dhiúl a gcuid meala le teann cumha
Is na héanlaith, scaoilfidh siad a gclúmhach le fána.

An Línseach álainn úd a bhfuil na diamonds os a comhair
A dtig iasc i chuile chuan mar gheall air,
Is gur deise gnúis a shúl ná na réalta maidin dhrúcht
‘Sé samhail dhó bhláth na úll sa ngáirdín.

Is fásann cruithneacht fhéin insan áit a siúlann sé
Chomh fairsing is tá féar glas i mBearna
Is gur gile a thaobh ná an t-aol ‘s gur deirge a ghrua ná an chaor,
Nuair a aibíonn siad ar chraobh i ngleannta.

Tá iníon Rí na Gréige ag fáil bháis le cumha ina dhiaidh
Níor chodail a súil néal le trí ráithe.
Is gurbh é a dúirt briathra a béil gur aingeal é fhéin,
A bhíodh i gcomhluadar Mhic Dé na nGrásta.