Píopa Ainde Mhóir

Píopa Ainde Mhóir

Óra ‘s bhí mé oíche thiar i dTír a’ Fhia is mé ag tíocht ó cheol,
Chruinnigh an ceo i mo thimpeall ‘s níor léir dom aon tsórt,
Thabharfainn lán an Bhíobla gur tornóg a bhí ar an gcaolach
Leis an deatach a bhí os mo chionnsa ag píopa Ainde Mhóir!

Mo bheannachtsa le gaoth agat síos, a Ainde Mhóir,
Do mhac go dtige in inmhe ‘gus lao go raibh ag do bhó,
Mar is tusa rinne an píopa ba fairsinge a bhí sa tír seo
Is ní chaithfear ráithe an gheimhridh nó go ndéanfaidh mé dhi spóirt!

Óra ‘gus siúd í an bhean a líon é is ní le tuí é ná le móin
Chuir sí naoi bpunt síos ann ‘gus píosa den duilleog,
Cailleachaí na tíre ‘gus chruinnidís ‘na timpeall
Is d’fhágadh siad ar fad fuílleach i bpíopa Ainde Mhóir!

Is ag goil go hInis Ní dhom le lucht caorach agus bó
Maidin gharbh gheimhridh ‘s é gaofarach go leor,
Ag goil trí Thonn Uí Fhloinn dhom sea thosaigh an bád ag líonadh
Is nár mhaith an galún taosctha a rinne píopa Ainde Mhóir!

‘S bhí mé amuigh ar aonach i gCill Bhríde is mé ag ól,
Bhí comhluadar maith ‘mo thimpeall ‘s riar maith ceoil,
Bhí beirt isteach as Luimneach ann is an stil mór acu líonta
‘Sé d’fhiafraigh an tseanbhean chríonna b’shin é píopa Ainde Mhóir?’