An Gabha Ceártan Corn Uí Riada 2012

An Gabha Ceártan

Nár chaith mé bliain ‘gus ráithe
‘Mo ghabha ceártan i gCúige Laighean
‘Gus tuairisc mo ghrá ní bhfuair mé
Nó go dtáinig mé ar ais arís
Tá an saol seo ar fad cráite
Is ní áirím mo mhuintir fhéin 
‘S ar an gcnoc úd thall atá m’áras,
‘S ar an bPápa ní cheilfear é.

Is nach thoir atá mo tharraingt
‘S nach fada uaimse grá mo chroí
Sí is gile an cúilín péacach,
I do dhiaidh-sa a stór is ní bheidh mé beo
Mar tharraing tú milleán mór orm
‘Gus a stóirín níor mhaith leat é,
Naoi n-uaire b’fhearr liom pósta leat,
Go mór mór ná a bheith i bhflaithis Dé.

‘Gus tuige nach dtagann tú a ghrá geal,
 Is mé fháil ó mo mhuintir fhéin?
‘Gus tuige nach dtagann tú lá éicint
‘S mé fháil uathu uilig dhuit fhéin
‘Gus mara mbeadhadar sásta leis an an gcás seo
Is é a fheiceáil réidh
Óra déanaigí cónra chláir dhom
‘Gus fágaidh mé go domhain i gcré.

Mo dhiomú Rí an Aoine
Don té a dhíbir mo ghrá i bhfad uaim,
Níl goir agam ghoil ina gaobhar
Aon Dé hAoine ná go moch Dé Luain.
Dhá mbeadh sé ina stoirm thintrí
‘Gus an oíche a bheith ag cur sneachta aduaidh,
Le mo stór dhá bhfaighinn cead síneadh
Nach mbeinn chomh haoibhinn leis an eala ar cuan.