Curachaí na Trá Báine – Sean Nós na mBan 2015

Téamaí

Curachaí na Trá Báine

Mo mhíle slán leat a Éirinn bhocht, nach breá an rud é an t-earrach fhéin;
Níl caint ar obair bossannaí, ná rud ar bith mar é;
Óra seal ag tarraingt fheamainne, cur fhataí is ag baint fhéir.
Níl fear ar bith, dá bhoichte nach bhfuil feilm aige fhéin.

‘S mo mhallacht do na curachaí ‘s mo bheannacht do na báid;
‘S mo mhallacht do na curachaí atá thall in san Trá Bháin
Siad a scuab mo cheathrar dearthár uaim a raibh an fheilm acu ann.
Ach is cuma leis an gCeallach é ó sé féin atá ina n-áit.

Óra báitheadh Seán ‘s Peadar orm, ‘s bhí catheamh agam ina ndiaidh,
Nár báitheadh deartháir eile orm, sé Máirtín fadó ariamh.
Ba é Micil bocht ba mheasa liom dá bhfaca mé beo ariamh
Ach mo mhallacht don tonn bháite, sé a d’fhága mé ina ndiaidh.

An cuimhneach libhse a chailíní an lá ar fhága mé an Trá Bháin
Ní bhfuair mé an té a chuir comhairle orm ná dúirt liom fanacht ann
Ach má fhágann Dia mo shláinte agam ‘gus caraid i rí na ngrást
Óra pé ar bith áit a rachaidh mé ní fhillfidh mé arís go brách.

Ó shoraidh dhíbhse, a dheartháireachaí, nach dtagann isteach i dtír;
Óra chuirfí cónraí gheal’ oraibh amach ó láimh an tsaoir;
Óra chaoinfeadh mná an bhaile sibh, i gcleamhnas ‘s i ngaol;
Seachas a bheith dhá mbocáil idir carraigneachaí ná dhá gcur ó mhaidhm go maidhm.

Nár fhágadar an caladh amach ar maidin leis an lá.
Ó Dia linn agus Muire nach iad an triúr iad a chuaigh sa gcás
Níl blas ar bith dár cheannaíodar nach dtáinig don Trá Bháin;
Tháinig na maidí ar an duirling ‘gus an churach ar an trá.