Máire Ní Taidhg Óig – Sean Nós

Téamaí

Máire Ní Thaidhg Óig

Agus éirigh in do shuí suas, a bhuachaillín óg,
Agus tabhair leat an pónaí is fearr bheith agat i dtús,
Ach téirigh ‘un an chóra agus aithris do bhrón,
Agus tabhair leat abhaile, sí Máire Ní Taidhg Óig.

Is a Mháire, is tú a deirim, ‘s tú grá geal mo chroí,
Is tú an phlandóg is deise ‘gus áille fán saol,
Dheamhan lúibín claí ná toime nár shiúil mé in do dhiaidh,
Ar shúil is go dtabharfá tuineadh dhom, sea dhiúltaigh tú mé.

‘Gus nuair a éiríonns Máire go hard ins an sliabh,
Mar a n-íslíonns an ghealach sea ardaíonns an ghrian,
Tá ceo aoibhinn meala goil roimpi is ina diaidh,
Tá ullaí cumhra ar chranna ann ‘gus iad ag claonadh le cumha.

Ní mhór dhom le bean eile ór dhá mhíle punt,
Barr sléibhe de loilíoch agus iad a bheith i bhféar,
Tréad álainn de chapall agus tíobhais dá léir,
Ach sí Máire mo roghain-sa agus faighim í gan spré.