Tá na páipéir dá saighneáil

Tá na páipéir dá saighneáil

Tá na páipéir dhá saighneáil
Is tá na saighdiúir ag goil anonn.
Tá drumadóirín aoibhinn aerach
Ag Clanna Gael ag goil go tír na long
Dá mbeadh agam is dhuitse a bhéarfainn
Céad is dhá mhíle bó,
Ar a chuntar is go mbeifeá i d’fhéirín liom
Go Contae Mhaigh Eo.

Ar mo luí dhom ar mo leaba
Ní hí m’osna a bhíonns mór.
Is ar m’éirí dhom ar maidin
‘Sí mo phaidir mo dheoir.
Tá gruaig mo chinn ag titim
Is ag imeacht mar an ceo,
’S le cumha i do dhiaidh, a mhúirnín
Ní bheidh mé i bhfad beo.

Nach aoibhinn do na héiníní
A éiríonns go hard,
A bhíonns ag ceiliúradh lena chéile
Ar aon chraoibhín amháin.
Ní hé sin dhom fhéin é
Ná do mo chéad míle grá,
Is fada fánach óna chéile
A bhíonns ár n-éirí gach lá.

Nuair a éirím-se amach go huaigneach
Is breathnaím uaim ar an gcnoc úd thall
Bím ag cuimhniú ar do chúilín dualach
A d’fhág an arraing thrí mo lár.
Tá mo chroí istigh ina leaca gualdubh
Is fear mo thruaigh níl ach Rí na nGrást,
Is cibé cailín óg a bhéarfas uaim thú
Go síntear siar í i gcónra chláir.

Tá mo stocaí ‘gus mo bhróga
Is iad stróicthe liom síos
Tá mo nua-chulaith phósta ar ndóigh gan fídh
Tá gine i dteach an óil orm
Is níor ól mé riamh braon,
Sé mo lean géar, a mhíle stóirín,
Gan mé ’s tú óg seal arís.