Tá na páipéir dá saighneáil – Sean Nós na mBan 2019

Téamaí

Tá na páipéir dá saighneáil

Tá na páipéir dhá saighneáil is tá na saighdiúir i goil anonn.
Tá drumadóirí aoibhinn aerach ag Clanna Gael ag goil go tír na long
‘S dhá mbeadh agam is dhuit a bhéarfainn céad is dhá mhíle bó,
‘S ar chuntar is go mbeifeá i d’fhéirín liom go Contae Mhaigh Eo.

‘S ar mo luí dhom ar mo leaba sí m’osna a bhíonns mór.
Is ar m’éirí dhom ar maidin sí mo phaidir mo dheoir.
‘S tá gruaig mo chinn ag titim is ag imeacht mar an ceo,
‘S le cumha i do dhiaidh a mhuirnín ní bheidh mé i bhfad beo.

‘S nach aoibhinn do na héiníní a éiríonns go hard,
‘S a bhíonn ag ceiliúradh lena chéile ar aon chraoibhín amháin.
‘S ní hé sin dhom fhéin é ná do mo chéad míle grá,
Is fada fánach óna chéile a bhíonn ár n-éirí gach lá.

‘S nuair a éirím-se amach go huaigneach ‘s breathnaím uaim ar an gcnoc úd thall
Bím ag cuimhniú ar do chúilín dualach a d’fhág an arraing thrí mo lár.
Tá mo chroí istigh ina leaca is ina gualdubh is fear mo thruaigh níl ach Rí na nGrást,
Is cibé cailín óg a bhéarfas uaim thú go síntear siar í i gcónra chláir.

Tá mo stocaí is mo bhróga is iad stróicthe liom síos
Tá mo nua-chulaith pósta ó ar ndóigh gan fídh
Tá gine i dteach an óil orm is níor ól mé riamh braon,
Ach sé mo lean géar, a mhíle stóirín gan mé ’s tú óg seal arís