Síle – Sean Nós na bhFear 2018

Síle

Ná beadh buachaillín deas aige Síle
Dhá bpósadh sí mé mar fhear
Mharóinn an breac ar an dtoinn di
Is an coinín sa díog chomh maith
Ní iarrfainn léi capaill ná caoire
Airgead buí ná geal
Ach go mb’fhearr liom agam mar mhnaoi í
Ná iníon aon rí dá mhair.

Ní bhfaigheadh aon locht orm Síle
Marach an ropaire críonna Mam
Ní thoileodh sí ló ná is d’oíche
Mise a thogha mar fhear.
Deir sí go n-ólfainn a dtuillfinn
Is ná ndéanfainn di tíos ná slacht
Ach gur gaige fuar dealbh díomhaoin mé
Ná déanadh cúram de chlann ná bean.

Thá máthair gan taise ag Síle
Is ní bhraitheann sí a croí dá shlad
Thá sparán mór fada aici líonta
Ag lorg talamh gan cíos le fear
Ba chuma léi óg é nó críonna
Ba chuma é buí nó breac
Ba chuma léi cam é nó díreach
Ach go mbeadh aige caoire is ba.

Ní mar sin mar mheasann do Shíle
Ba mhaith léi scafaire díreach glan
A bheadh búclach, bachallach, cíortha
Ná beadh meirgeach, buí, ná salach
Ná beadh achrannach, aithiseach, nimhneach
Ná beadh ocrach ‘na chroí ná bocht
Is ná beadh ag tomhas a dhoirn le Síle
Nuair a gheobhadh sé ní uirthi locht.

Tá mo mhargadh socair le Síle
Is ní bhrisfeadh é Éire ar fad
Gan bhuíochas dá máthair ná muintir
Raghaidh sí chun cinn gan stad
Pósfam sa chathair an mhí so
‘Is an sagart á dhíol go maith
Is mara dóichí dúinn fanacht sa tír seo
Sea rachaidh muid síos amach.