An Goirtín Eornan – Sean Nós na bhFear 2018

An Goirtín Eornan

Is buachaillín fíor-óg mé, is go bhfóire orm rí na ngrást.
Thug searc do chailín óg i dtigh an ósta le comhrá gearr.
Nor chaith sí hata ná húda ná búclaí buí déanta bpráis,
Ach téip i gcluais a bróigín, sí mo stóirín í nó go bhfaighe mé bás.

Is móra dhuitse, a éinín, atá ag léimnigh ó chrann go crann,
Dá neósfainn brí mo scéil dhuit ní féidir ná dhéanfá rún.
Beir litir uaim fé shéala go cúl-craobhaigh na bhfainní bhfionn
Mar go bhfuil mo chroí dhá chéasadh is nach féidir liomsa codladh ciúin.

Tá gaoth aneas agus tóirneach agus mórshruth le habhainn na Laoi
Tá sneachta ar na bóithre agus mórshioc dhá mheascadh tríd.
Ní airím fuaim ag rónta ná ceol binn ag éin ar chraobh
Ó chailleas-sa mo stóirín, sí a thógfadh an ceo dom’ chroí.

Agus ní dod’ ghoirtín eornan, a stóirín, a thug mé grá,
Ná dod’ chúpla cóifrín den ór buí dhá mbeidís lán
Do chapaill ná dod chóistí go brách brách ní chuirfinn i bhfáth
Ach blas do chúpla póigín, óir is dóigh liom gurbh iad ab fhearr.