An Binsín Luachra – Corn Uí Riada 2019

An Binsín Luachra

Bhíosa maidin shamhraidh a’ góilt dom síos go hInse Chór;
Is bhí éin na coille a’ labhairt liom ar an gcrann ’s iad ag seiniúint ceoil.
Nuair a chasadh liomsa m’annsacht ba bhreátha is ba deise snó
Is do thugas searc is greann di, d’réir m’amhras ’sí bláth na n-ógh.

Maidin aoibhinn drúchta ar bruach na coille glaise breá
Is mo ghadhair lem ais ag gluaiseacht, go huasal is mo ghunna i’m láimh.
’Sea a dhearc mé chugham mo stuaire na gruaige finne ’s an bhrollaigh bháin
Agus abhar a binsín buainte aici dhen luachair ba ghlaise fás.

‘’S a chailín bhig na luachra ná ligfeása do bheart ar lár
Ar bruach na coille uaigní ag éisteacht le guth na gcág?
An sagart ní bhfaighidh scéal air ná éinne eile go bhfaighidh mé bás –
Go dtiocfaidh caint don chéirsigh nó go n-iompóidh an londubh bán.’

D’fhéachas ar na cuanta, bhí an t-uaigneas againn ar nóin
’S do dhruidíos suas lem stuaire agus dh’fhuadaíos uaithi cúpla póg.
B’é a dúirt sí liom go huaibhreach, ‘bí suanmhar is ná cuir orm stró
’s ná scaip mo bhinsín luachra th’réis a bhfuaireasa dá thrioblóid.’

‘A chailín bhig na luachra bí socair is fan go réidh;
Ní call duit bheith chún (chomh) uaibhreach ins an uaigneas agus tú leat fhéin.
Is má scapfadsa ortsa an luachair is dual go bhfuil a thuilleadh as t’dhéidh (id dhiaidh)
Agus bhainnfinnse bínsín úr duit is mórchuid mar thuilleadh léi.’

‘A óigfhir cuirim suas díot is an deabhas maith bheith agat liom,
Mar is mó cailín sultmhar suáilceach athá ag gear-ghol fé dhuilliúr crann.
Is go mbfhearr liomsa seal ag baint luachra, am’ ruagaint ó aois go bás
Ná do bhábán ar mo ghualainn ag cur do thuairisc is gan tú le fáilt.’

’Sí’n cailín deas dob fhearr liom a bheadh láimh liom thar a bhfacaís riamh
Is dá bpósfainn caille ghránna, mó lámh duit ná mairfinn bliain;
Ach phósfainn tusa a ghrá ghil, cúl fáinneach na dtriopall ngliar
Agus do bhainfinnse binsín breá dhuit chún álainn is a chonac tú riamh.’

Ó, nár dheas an cailín seomra í Dé Domhna’ agus bris ’na láimh,
Is cár deise ná ag crú na bó í, sí mo stóirín í go bhfaighidh mé bás.
Tharraingeodh sí samplaí coróinneach go ródheas ar éadaí cláir
Ó, cara mo chroí mo rún í, sí smóilín an bhrollaigh bháin.