An Binsín Luachra – Corn Uí Riada 2019

An Binsín Luachra

Ó bhíos-sa maidin Shamhradh ag góil dhom síos go hInse Cóir
Is bhí éin na coille ag labhairt liom ar an gcrann is iad ag seiniúint ceoil
Nuair a chasadh liomsa mo ansacht ba bhreácha is ba deise snua
Is do thugas searc ‘s ghean dhi is tré m’ amhras sí bláth na n-úll.

Maidin aoibhinn drúchta ar bhruach na coille glaise breá,
Is mo ghadhar le m’ais a’ gluaiseacht ó go huasal is mo ghunna im’ láimh,
Sea dhearc mé chugam mo stuaire na gruaige finne ‘gus a muineál?? bán,
Agus ábhar binsín buainte aici dhein luachair ba ghlaise fás.

Ó ‘s a chailín bhig na luachra, ná ligfeá-sa do bheart ar lár,
Ar bruach na coille uaigní ag éisteacht le guth na . ??????
An sagart ní bhfaigheadh scéala air ná éinne eile go bhfaighidh mé bás
Ná go dtiocfadh an chaint don chéirsigh nó go n-iompódh an londubh bán.

Is do fhéachas ar na cuanta is bhí an t-uaigneas againn ar neoin
Is do dhruideas suas lem’ stuaire is d’fhuadíos uaithi cúpla póg;
B’é a dúirt sí liom go huaibhreach “bí suanmhar is ná cuir orm stró
Is ná scaip mo bhinsín luachra théis a bhfuaireas dá thrioblóid.”

Ó is a chailín bhig na luachra bí socair is fan go réidh,
Ní cáil duit a bheith chomh huaibhreach in san uaigneas is tú leat fhéin,
Is má scaipfeadsa ortsa an luachair is dual go bhfuil a thuilleadh ……….
Agus bainfeadsa binsín úr dhuit is mórchuid mar thuilleadh léi.

Ó is a óigfhir cuirim suas díot san deabhas maith a bheith agat liom
Mar is mó cailín sultmhar suáilceach atá ag géar ghol faoi dhuilliúr crann
Is go mb’fhearr liomsa seal ag baint luachra dhom ar ruagaint ó aois go bás.
Ná do bhábán ar mo ghualainn ag cur do tuairisc is gan tú le fáilt.

Sí an cailín deas do b’fhearr liom bheith lách liom seachas a b’fhacais riamh
Is dá bpósfainn cailleach ghránna mo lámh duit ná mairfinn bliain,
Ach do phósfainn tusa, a ghrá ghil, cúl fáinneach na ndriopall ngliar,
Is do bhainfinnse binsín breá dhuit chomh hálainn is a chonac tú ariamh.

Ó ba dheas an cailín seomra í Dé Domhnaigh agus bris ‘na láimh,
Is cár deise ná ‘crú na mbó í, ‘sí mo stóirín í go bhfaigh mé bás
Tharraingeodh sí samplaí coróineach go ródheas ar éadaigh cláir,
Nó cara mo chroí mo rún í, sí smóilín an bhrollaigh bháin.