Bruach na Laoi – Comórtas na bhFear 2014

Ar bruach na Laoi insan oíche chasadh mé
‘S gan buairt ar m’aigne, nó ba dhóigh liom féin
‘Gur cuireadh dem shlí mé le díth mo mheabhrach
I gcuanta daingne nárbh fhearrde mé;
N’fheiceoinn an spéir ó le haon chorp mearthaill
’s ’á nochtfadh an ré, ní fhéadfainn amharc uirthi,
Ní hao’ mhaith dhomhsa glaoch, ná d’éinne freagairt dhom,
Age fuaim gach caise ’gus gárthaibh éan.

Do shuíos-sa síos ó go scíosmhar, atuirseach,
’S gan súil le casadh ’gam go dtí fáinne an lae
Fé tharr thoir dhraighiní bhí fillte ceartaithe
‘S gan d’áras leapan le fáil nach é.
Bhí géanna ar linn ann, míolta ’s mearaphoic,
Ó éisc ag tíocht de dhroim gach caise acu;
Bhí naoscaigh faoilinn ’s sgeimheal de lachanaibh
Ag tíocht gan eagla, ina dtráth ón spéir.

Tá mórchuid éan insan saol ná feadar mé,
‘S iad ag déanamh neadaithe i mbarr na gcraobh;
Thá ’n fiolar is an chuach is mórchuid eatarthu
Go suanmhar socair mar is áil leo é.
Thá ’n druid is an seabhac ’s an creabhar dá bhfreagairt ann,
‘S an chéirseach ann insan chrann in aice siúd,
Thá ’n cág is a’ colúr ’na dtrúp ag taisteal ann,
Is na smólaigh neadaithe ’na n-áras féin.

Do chaith mé suim den oíche mar sin dom
Ó cloíte atuirseach cráite i bpéin,
Ag déanamh smaointe im’ shuí cois abhainn
’S í a’ síorchur ceatha is ag cáthadh braon.
’Sea dhearc mé ’n ríbhean cois taobh na bratainne
Do chealg mo chroí le saighdibh daingeana –
A samhail de mhnaoi lem’ linn ní fhaca-sa
’s gurbh í d’fhúig scamall ar mhnáibh an tsaoil.

Do bhain mé fhéin ó go séimh mo hata dhíom
Ó anuas dhem bhaithis le barr mo mhéar
D’fhiafraíos arís go caoin den ainnir úd
Dén taobh den chathair ’nár seoladh mé.
An tú Pallas nó Athena nó an Dídó t’ainmse
Nó an tú Clíodhna Brí ó thír na tairngre?
Nó an tú ainnir thar toinn le’r chloíodh na dragaim léi,
D’fhúig mílte marbh dá grá ’s dá scéimh?

Ní héinne den bhuíon sin mé id’ laoi do chanais-se
Ach Éire ag teacht a bhí i gclár Banban,
Gan féasta, gan fíonta gan puinn le caitheamh againn
Go dtíodh ár seabhaic thar sáile i gcéin.
Tá tuilleadh dem chuallacht uaim ná feadarsa
I gcuantaibh fairsing, ar fud an tsaoil,
‘S sinne go dumhach i bpluaisibh dhorcha
Ar uair an bhrothaill ’s i meán an lae.