Cití na gCumann – Comórtas na bhFear 2014

‘S do tháiníos go dtí an baile seo aréir, agus do bhí sé ’gam déanach go leor,

‘S é ar intinn an margadh a dhéanamh, is ná scarfainn léi féin go deo.
Níor tháinig a Daidí chun réitigh, cár mhiste dhom é ná dhóibh,
Fágaim slán agus beannacht agem ghaolta is ní chasfaidh mé féin go deo.

Níor chuireadh romham coirm ná fáilte ó thánaíos an tsráid seo thíos,
Ón uair gur dh’airigh mo ghrá geal go dtugas-sa mo lámh do mhnaoi.
Is dóigh leo go bhfuilimse pósta ’s, dar ndóigh, más dóigh ní fíor –
Dar an leabhar athá thíos in mo phóca is a’ mealladh ban óg a bhím!

Dhéannfainnse cupard ar néatacht nó muilleann a bheadh gléasta ar abhainn,
Bád nó coite dá réir sin do bhéarfadh sinn araon anonn.
Scríobhfainn Laidin nó Gaelainn chomh cliste le haon mhac rí,
‘S a Dhia nár dheacair a bheith daor orm, ’s go bpósfainn gan ao’ rud í.

Mo chumha gan mise ’s mo spéirbhean ná mílte léig ó thuaidh
Nó in oileáinín coille ’nár n-aonar mar a labhrann an t-éan go subhach.
Do phógfainn go milis a béilín, agus d’fháiscfinn lem’ thaobh í ón bhfuacht,
Agus scríobhfainn litir go Phoebus chun solas an lae a bhreith uainn.

Dhera, ’Chití na gcumann ná séan mé, siúl feasta ’gus éalaigh liom
I ngleanntán coille nó sléibhe beam sealad fé ghéag na gcrann.
Do phósfainn i ngan fhios don saol thú, is don sagart dá mb’fhéidir liom,
Is mara bhfaighfear sinn ceangailte in Éirinn, ó racham araon anonn.