An Clár Bog Déil – Sean Nós na mBan 2016

Amhránaí

An Clár Bog Déil

Phósfainn thú gan bó gan puntaí gan dhá phingin spré
Leagfainn fúm thú maidin drúchta le bánú ‘n lae
Mo ghalar dúch gan mé is tú, a stór mo chléibh
I gCaiseal Mumhan is gan de leaba fúinn ach an clár bog déil.

Bean solastach ní mholfaidh mé ‘s ní cháinfidh mé í
Bean dorcha ní ghlacfaidh mé go deo mar mhnaoi
Ní hí an bhabín í a shantóinn agus mar gheall ar mhaoin
Ach pósfaidh mé mo stórín sí grá mo chroí.

Ó léifinn leabhar Gaeilge agus canúint mhaith chrua
Scríobhfaidh mé ‘na dhiaidh sin le barr mo phinn
Loch Éirne go snámhfainn ar chúl mo chinn
‘S dá dtéadh agam bean a bhréagadh bheadh an báire liom.

Siúil, a chogar, is tar a chodladh liom fhéin sa ghleann
Gheobhaidh tú foscadh i leaba leachais agus aer cois abhann,
Beidh na srutha a goil tharainn faoi ghéaga crann
Beidh an lon dubh inár bhfochair is an chéirseach dhonn.

Ná síl cé gurb íseal nó uasal mé
Ná síl gur insan díogadaí a fuarthas mé
Sín síos liom seal míosa ‘gus cuartaí mé
‘S gheobhaidh tú scríofa ag mo thaobh dheas gur buachaill mé.