Amhrán na mBolmán – Corn Uí Riada 2017

Amhrán na mBolmán

Tá an fharraige ag léim is tá na héisc á lascadh faoin aill,
Tá na tonnta i ndiaidh a chéile ag éalú isteach ar an trá,
Tá an mhuic ghainimh spréachadh is í ag fógairt ó oíche go lá,
Ach caith uaim, an créatúr, is liom féin thú má thagann tú in am.

Ar maidin an lae úd, b’shin Aifreann a d’éistíos seal gearr,
Óra, d’imigh an scéala agus chruinnigh na céadta ar an trá,
Bhí na fir ann ag spréachadh is iad ag caitheamh corrcheann ag na mná.
‘S bhí mise mé féin ann is dheamhan a b’fhéadfainn tada eile a rá.

’S nach mairg a d’iarradh nach Gaelach an baile é an Trá Bháin,
’S go bhfuil na héisc fhéin sa gcéibh ag iarraidh a thíocht ann,
Níl ort ach sméideadh ar an mbraeim is í thoir ag an gceann,
’S nach dochreidte an scéal é go léimfeadh sí isteach in do láimh.

‘S ní áibhéil ná bréag a rá nach raibh bolmáin ann,
Mar bhí siad ins na dtréinte ó siar sean bhóithrín Dhubháin,
Muise tógadh na céadta ann ‘s thart timpeall tigh Pheaidí Sheáin,
’S go bhfuil siad fós fhéin sa draein ag tigh Choilm Shiobháin.

Anuas ag tigh Kheane dhom fhéin is mé ag iarraidh a bheith in am,
Sea casadh fear cléibh dhom is bhí a dhá shúil amuigh thar a cheann,
Ba strainséara é an créatúr is díol a bhéilí a bhí sé a iarraidh fháil.
Is nach é baile na féile é is go lá an tsléibhe ní thiocfaidh sé gann.