Liam Ó Raghallaigh- Corn Uí Riada 2019

Téamaí

Liam Ó Raghallaigh

Ó ‘s an cuimhneach libh an oíche úd raibh an tsráid seo is í lán go eachraí
Ag sagairt ‘s bráithre ‘s iad ag trácht ar mo bhainis.
Bhí an fhidil ar clár ann ’gus an chláirseach dá spreagadh,
Bhí triúr go na mná bána ann le mo ghrá-sa a chur an leapan.

I mo bhaintreach agus mo mhaighdean sea fágadh mé go hóg,
‘Gus tugaigí scéala ag mo mhuintir gur báthadh mo mhíle stór.
Dhá mbeinnse san mbád an lá sin ‘gus mo dhá láimhín ar an scód,
Ó m’fhocal dhuit a Bhean Uí Raghallaigh is deas mar leigheasfainnse do bhrón.

‘S ní hionadh liom scéal cráite ‘bheith ag do mháthair ná ag d’athair
Ná ag banaltra na gcíocha bána bhíodh ag trácht ort agus tú i do leanbh.
Ní áirím do bhean phósta nár chóirigh riamh do leaba.
Is ó chuaigh tú chun trá an lá sin mo léan gur sháraigh ort a theacht abhaile.

Is ní mhór dhom do Liam Ó Raghallaigh a bheith ina chliamhain ag an rí,
‘Gus cuirtíní geala gléigil ar gach taobh dhuit ins an oíche
Ó maighdean chiúin chéillí ag réiteach do chinn,
Is ó luadh sinn chomh hóg le chéile mo léan gur éag tú lena linn.

Is tá do shúile ag na péiste is tá do bhéilín ag na portáin.
‘S tá do dhá láimh gheal ghléigeal faoi ghéarsmacht na mbradán;
Ó chúig phunt a bhéarfainn don té a thógfadh mo dhianghrá
Sé mo léan géar thú bheith i t-aonar, Neilí Ghléigeal Nic Siúrtáin.

‘Gus beannacht Dé don triúr úd chuaigh trasna go Cill Éanainn
Ag tionlacan an athair Peadar a bhí anois na cheithre fichid
Dhá dtiocfása faoi cheann míosa ach mo léan chaoin ní thiocfair
Is nach é an truaigh sin bean san oíche is a claonchruth i mbarr toinne.

Is mo mhallacht go na saortha a rinne an bád
Nár aithris dhom féin go raibh an t-éag ins na cláir
Dá dtéighidís go Coillte Eochaill ‘gus an t-adhmad a cheannacht daor
Ó ní bháfaí mo mhíle stór-sa ar chóstaí Mhalbay.