An Luch a Ghearr an Píosa – Corn Uí Riada 2019

An Luch a Ghearr an Píosa

Muise tháinig luch isteach agam is ní ar mhaith liom a bhí sí
Óra ghearr sí slabhairín deas orm is ba dheacair liom a shnaidhmeadh
Murach fíodóir maith bhí i bhfabhar liom ní bhuafainn aon bhlas choichín air,
Is nár bhuana Dia a family, an luch a ghearr an píosa.

Ó thug tú d’éitheach a chailleachín ní mise a ghearr do phíosa
Ach tharraing tusa an t-anam as nó go dtarraingíodh sé na céadta
Rachaidh Séamus Cháit i mbannaí dhom go bhfuil mé i mo repealer
‘Gus ná díbrigh thar an Daingean mé ná ar phasannaí na hÉireann.

Ó chuir sí amach an Daingean í is a character léi scríofa
Casadh fear faoi bhealach dhi is é a’ fanacht leis an taoille.
Ó theann sí anall in aice leis agus d’fhiafraigh sé cé scríobh é.
Muise Réamonn Cooke as Gorumna nó ‘n aithníonn tú ar a dhroim é.”

A Réamonn Cooke mo bheannacht leat agus mac Dé go gcuirfidh an t-ádh ort
Neart do réir do charad agus lagan ar do namhaid
Mar is tú chuir againn na pasannaí an luch a ghearr an snátha
Gus go ruaig sibh soir Cois Fharraige í ag cur challenge ar na Bláca.

Chuaigh sí thar na geataí isteach chomh leitheadach le sáirsint
Is chuir sí an galra creathach ina chathaoir ar an mBlácach
Ó d’fheistigh sé a chapall go rachadh sé faoin choinne an gharda
Is ní raibh blas as sin go maidin ann ach a phócaí uilig a bheith gearrtha.

Ó tháinig mise isteach uirthi is í gearradh sreanga don tuirne
‘Gus d’éirigh sí go haigeanta ‘gus chuaigh sí siar don tseomra.
Ó chaith mé an oíche ag faire uirthi is mé ag imeacht ar mo ghlúine.
‘S ní raibh blas ar bith den tsreang agam ach píosaín beag den stumpa.

‘S tháinig cat m’aint Eibhlín ‘s d’fhiafraigh sé cén dlí é
Nó cá fhaid ó thosaigh an obair seo ar bhaintreacha dhá dhéanamh;
Ach rachaidh mise i mbannaí dhaoibh nach gcaithfear ráithe an gheimhridh.
Nó go mbainfidh mise Fraincis as an luch a ghearr an píosa.