An Caiptín Ó Máille – Corn Uí Riada 2017

An Caiptín Ó Máille

‘Gus an chéad lá go mhí an Fhómhair sea chrochamar na seolta,
Ag tarraingt ar na cóstaí go Tóin an Mhionnáin siar,
‘Gus thart anseo le Cliara ‘gus Acaill Bheag taobh thiar dhi,
Go hInis Airc ár dtriall, beidh aoireacht orainn ann.

‘Gus thart le Rinn a’ Mhaoile ‘gus síos go Cruach na Caoile,
An Cloigeann lena thaobh sin ‘gus Trá Bhríde ina dhiaidh,
Nó gur dhoirteamar le fána, thrí fharraige ‘s í ag cáitheadh,
Nó go dtáinig muid don Ráithe, mar is ann a bhí ár dtriall.

‘Gus ag síneadh dhúinn le Árainn ó mhéadaigh ar an ngála,
Bhí cúrsa istigh ar thráth againn is ní mba tráth faillí é;
Nó gur ardaigh sé chun feochai is as sin chun gaoithe móire,
‘S gur chrochamar na seolta, is níor mhór dhúinn é in am.

An fharraige gur léim sí ‘gus las na tonnta tréana
Ó chruinnigh na spéartha ‘gus mhéadaigh ar an gceo
Is dhá mbeadh caint ag na clára, nach n-inseoidís scéal cráite
An goireacht ‘gus chuaigh an bás dhúinn is gan eadrainn ach iad.

Bhí criú na loinge ar aon chor ag dearcadh ar chlár m’éadain,
Bhí súil le cabhair a dhéanamh ‘gus gan aon mhaith dhóibh ann,
Ach gur dhúirt mé leo ar aon chor go ndéanfainn dhóibh a bhféadfainn,
Ag iompar a gcuid éadaigh an fhad is ab’fhéidir leí snámh.

‘Gus tá mo lámha stróicthe ag síoraí tarraingt rópaí,
Tá an craiceann is an fheoil is iad tarraingthe amach ón gcnáimh
‘S más sé an bás a gheall Mac Dé dhúinn, cén mhaith dhúinn a bheith dhá shéanadh
Ach a ghoil go flaithis Dé dhúinn in aon stáid amháin.

‘Gus teacht dhúinn go hÉirinn, bhí fíon is brandaí is tae linn
Tobac agus seiméice is dá réir sin chuile shórt.
Óra píosaí fada síoda ‘gus scafanna dhá dhaoire
‘S cé bí cailín óg is mian liom, is dí thabharfainnse mo láimh.

Nár mhór an chliú ‘s an t-ádh dhúinn an bealach údaí a shárú
Is gan ann ach ár namhaid teacht romhainn ‘gus ‘nár ndiaidh
Ag water-guards san airdeall ‘gus póilíos lena sála
‘Gus Revenue na háite is gach spíodóir dár ghabh leo.

Ó bhí cutters beaga is móra againn, pileóití salach leofa
Ó Loingseacha Sheoirse sa tóir uilig i mo dhiaidh.
Ach is mise Seoirse Ó Máille, fear maith de bhunadh Ghráinne
Cuirfidh i dtír mo lucht go sásta, ‘gus ná raibh maith acu dhá chaoin.