Bean Pháidín – Fir os cionn 35bl 2015

Bean Pháidín

Curfá:
‘Sé an truaigh nach mise, nach mise
‘Sé an trua ghéar nach mise bean Pháidín
‘Sé an trua ghéar nach mise, nach mise
‘S an bhean atá aige a bheith caillte.

Go mbristear do chosa, do chosa
Go mbristear do chosa, a bhean Pháidín
Go mbristear do chosa, do chosa
Go mbristear do chosa ‘s do chnámha.

‘Sé an trua ghéar nach mise, nach mise
‘Sé an trua ghéar nach mise bean Pháidín
‘Sé an trua ghéar nach mise, nach mise
‘S an bhean atá aige a bheith caillte.

Ó rachainn ar Aonach an Chlocháin
‘S thart go Béal Átha na Báighe
Ag breathnú isteach trí na fuinneogaí
Ag féint is go bhfeicfinn bean Pháidín.

‘Sé an trua ghéar nach mise, nach mise
‘Sé an trua ghéar nach mise bean Pháidín
‘Sé an trua ghéar nach mise, nach mise
‘S an bhean atá aige a bheith caillte.

Ó rachad go Gaillimh, go Gaillimh
Ó rachad go Gaillimh le Páidín
Rachad go Gaillimh, go Gaillimh
‘S thiocfainn abhaile sa mbád leis.

‘Sé an trua ghéar nach mise, nach mise
‘Sé an trua ghéar nach mise bean Pháidín
‘Sé an trua ghéar nach mise, nach mise
‘S an bhean atá aige a bheith caillte.