Liam Ó Raghallaigh – Sean nós na bhfear 2016

‘Gus an cuimhneach libh an oíche úd raibh an tsráid seo is é lán d’eachraí
Ag sagairt ‘s bráithre ‘s iad ag trácht ar mo bhainis.
Bhí an fhidil ar chlár ann ’gus an chláirseach dhá spreagadh,
‘Gus bhí triúr de na mná bána ann le mo ghrása a chur chun leapan.

I mo bhaintreach ‘gus i mo mhaighdean ó sea fágadh mé go hóg,
Agus tabhair scéala chuig mo mháithrín gur báthadh mo mhíle stór.
Dhá mbeinnse sa mbád an lá sin ‘gus mo dhá láimhín ar an scód,
Ó m’fhocal dhuit a Bhean Uí Raghallaigh is deas mar leigheasfainnse do bhrón.

‘S ní hionadh liom scéal cráite ‘bheith ag do mháthair ná ag d’athair
Ná ag banaltra na gcíocha bána a bhíodh ag trácht ort agus tú ‘do leanbh.
Ó ní áirím do bhean pósta nár chóirigh riamh do leaba.
Is ó chuaigh tú ‘un trá an lá sin mo léan gur sháraigh ort theacht abhaile.

Is ní mhór liom do Liam Ó Raghallaigh a bheith ina chliamhain ag an rí,
‘Gus cuirtíní geala glégil ar gach taobh dhuit ins an oíche
Óra maighdean chiúin chéillí bheith ag réiteach do chinn,
Is ó luadh sinn go hóg le chéile mo léan gur éag tú lena linn.

Is tá do shúile ag na péiste is tá do bhéilín ag na portáin.
‘S tá do dhá láimh gheal ghléghil faoi ghéarsmacht na mbradán;
Óra chúig phunt a bhéarfainn don té a thógfadh suas mo dhianghrá
Is nach trua thú a bheith i t-aonar, a Neilí Ghléigeal Nic Siúrtáin.

‘Gus bhí tú ar an treo réidh an lá úd chuaigh trasna go Cill Éanainn
Ag adhlacadh an athair Peadar a bhí anois na cheithre fichid
Dhá dtiocfá faoi cheann míosa ach mo léan chaoin ní thiocfair
Is nach trua sin bean san oíche is a claonchruth i mbarr toinne.