Casadh araon na Géanna Romhainn – Sean Nós na bhFear 2017

Amhránaí

Casadh araon na Géanna Romhainn

Tráthnóinín saoire ar bhuíochtain na gréine
Do dhearcas an spéirbhean bhéasach óg
Ag taisteal im choinibh trí imeall na sléibhte
Bhí lasadh na gcaor ina gné ‘s ‘na snó.
Ba chamarsach tríopallach fionnachas néata
A’ casadh ‘s a’filleadh le hiomradh a chéíle
A bearta ‘na ndulaibh a’titim go féar léi,
‘S í a’casadh na ngéanna ón ngaorth’ ar neoin.

Do dhruideas ‘na coinnibh go hinnealt éasca
‘S do bheannaíos go séimh don réileann óg
D’fhiosras-sa dhi-se an ngeobhadh liom mar chéile
‘Nó bhfuil ceangal na cléír’ort le haon fhear beo?
Má thigeann tú liomsa gheobhair fairsing ‘s féile
Cion agus urraim thar a maireann do bhéithibh
Mise agus tusa ag súgradh le chéile
Sinn ag casadh na ngéanna ón ngaorth’ ar neoin.

‘Sé dúirt sí ‘orm fhreagra: ‘Ní oireann do scéal dom
Imigh, a réic, agus déin-se do ghnó
Mar níl eolas agamsa ar do shaibhreas saolta,
Is ní chreidfinnse bréithre baoth’ ód shórd.
Dá n-imínn go dealbh gan talamh gan tréada
Bheadh mo máthair is m’athair ag caismirt ‘s ag plé liom.
Triall-se ort abhaile chomh tapaidh is ‘fhéadair
Agus casfaidh mé féin na géanna romham.

Bhéarfad eolas duit feasta ar mo shaibhreas saolta
Suigh anso taobh liom féin go fóill
Beidh do bhólacht go fairsing is do bha bog’ ag géimnigh
Tithe deas’ aolta déanta id chomhair.
Beidh do sheisreach chapall a’ branar ‘s a’ réabadh
Gasra d’fhearaibh ag grafadh na sléi’te
‘Gus mise agus tusa a’válcaeireacht le chéile
Agus casam araon na géanna romhainn.

Níl slí dhuit chun martha bheith a’ reacaireacht éithigh
Is mé ‘ fhágaint id dhéidh i leán is i mbrón
Is gur baol duit na Flaithis do dheascaibh mé thréigean
Dá ndéanthása bréag ar scéal dá shórt.
Bheadh mallacht na n-aspal ‘s na n-aingeal go léir ort,
Mo mháthair is m’athair is na hEaglaise naofa
‘Om chlaonadh le cleasaibh chun peacaidh a dhéanamh
Agus casadh mé féin na ngéanna romham.